Skip to main content

#SEAS22 - Infheistíocht chothrom sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht á lorg i gCáinaisnéis 2023

Pléifear na héilimh Ghaeilge agus Ghaeltachta do Cháinaisnéis 2023 le polaiteoirí inniu agus amárach mar chuid de #SEAS22. Chomh maith leis sin, lorgófar a dtacaíocht do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal agus Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht.

 

01MF2022_Éilimh_SEAS.jpg

 

Tá cruinnithe #SEAS22 (Seisiún Eolais agus Spreagtha) á socrú ag Conradh na Gaeilge le Teachtaí Dála agus Seanadóirí idir inniu agus amárach agus beidh tacaíocht na bpolaiteoirí á lorg le cinntiú go bhfaighfidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht cothrom na féinne i gCáinaisnéis 2023. Pléifear cúrsaí oideachais agus tithíocht sa Ghaeltacht leo chomh maith.

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Cé go n-aithníonn muid an maoiniú breise a tugadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó 2019 i leith, is gá gníomhartha faoi leith a ghlacadh chun spreagadh agus cothromaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go háirithe i gcomthéacs an mhaoinithe a cuireadh ar fáil d’earnálacha eile le blianta beaga anuas.” “Pléifear ár n-éilimh le haghaidh €24.7 milliúin breise le hinfheistiú sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht leis na polaiteoirí sa chéad dhá lá eile mar chuid de #SEAS22. Bheadh cuid mhaith den infheistiú seo le caitheamh ar thionscadail a chruthódh fostaíocht sa Ghaeltacht agus a chuirfeadh áiseanna agus deiseanna úsáide Gaeilge ar fáil don phobal fud fad na tíre.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Tapófar an deis tacaíocht na bpolaiteoirí a lorg do dhá ábhar eile atá thar a bheith tábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Sa chéad dul síos, labhrófar faoin ghá le Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an 3ú Leibhéal a bheith curtha le chéile ag an Rialtas gan a thuilleadh moille. Gheall Fianna Fáil & An Comhaontas Glas an polasaí seo san olltoghchán agus tá tagairt ann dó sa Chlár Rialtais reatha ach níl an Rialtas ag feidhmiú ar an mórpholasaí seo - a mhalairt atá fíor agus tá comharthaí ann anois go bhfuil an teanga á lagú sa chóras. Ní ghá ach féachaint ar an gcinneadh a glacadh le Páipéar a 1 don Ghaeilge san Ardteist a bhogadh go deireadh bhliain a 5. De réir eolais faighte ag an gConradh, faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, léirigh an Coimisiúin Scrúdaithe Stáit imní mhór faoi na himpleachtaí tromchúiseacha  a bheadh ann d’oideachas na ndaltaí, buachaillí go háirithe. Freisin, de réir anailíse a rinne Tuairisc, táimid ar an eolas anois nach ndearna 22% de dhaltaí na hArdteiste aon scrúdú Gaeilge i mbliana. Níl aon phlean nó polasaí ag an Rialtas le plé leis an teanga go comhtháite sa chóras. Is gá sin a réiteach anois.”

“Chomh maith leis sin, pléifear leis na polaiteoirí an fhíric go bhfuil sé ag éirí níos deacra i gcónaí do mhuintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantar féin. Caithfear an fhadhb seo a réiteach mar ábhar práinne, go háirithe don aos óg Gaeltachta ag iarraidh cur fúthu sa bhaile. Beimid ag lorg tacaíocht na bpolaiteoirí don Pholasaí Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht curtha le chéile ag an gConradh, le tacaíocht ó 10 gComharchumann Gaeltachta & 9 gCoiste Pleanála Teanga, le moltaí ann ar conas gur féidir na fadhbanna pleanála tithíochta a réiteach.”

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí: +353 (0)86 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta: +353 (0)83 4062131 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Eolas don eagarthóir:

Tá an bhileog eolais a bheidh in úsáid ar an lá leis na polaiteoirí ar fáil ag an nasc seo.

https://drive.google.com/file/d/1QlZyYM7IA91zHDPBPMwhBHTyFLSavgeN/view?usp=sharing 

Is féidir imeachtaí an lae a leanúint ag www.twitter.com/cnag 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.