Skip to main content

Féile Peile na nGael ag Ard-Fheis 2012

Féile Peile na nGael: Comórtas Seachtar an Taobh sa Pheil Ghaelach ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i gcomhar leis Na Gaeil Óga, CLG

Tionólfar Féile Peile na nGael: Comórtas Seachtar an Taobh Lán-Ghaeilge ag Ionad Spóirt Bhóthar na Laoi, in Inis, Contae an Chláir ag 2.00in ar an Satharn, 31 Márta 2012. Beidh Comórtas na bhFear agus Comórtas na mBan á reáchtáil.

Bronnfar corn agus duais de dhearbhán €500 ar an bhfoireann bhuach i gComórtas na bhFear agus beidh corn agus dearbhán ann do chomórtas na mban! Tosóidh imeachtaí an lae ag 2 agus leanfaidh na cluichí 20 nóiméad an ceann is reáchtálfar an chraobh ag a 5. Tá fáilte ar leith roimh fhoirne ó chumainn CLG nó ó ghrúpaí eile agus cuirtear fáilte roimh gach caighdeán peile.

Dúirt Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Comórtas peile spleodrach a bheidh ann mar chuid de dheireadh seachtaine na hArd-Fheise, le deis a thabhairt do chumainn an Ghaeilge a úsáid agus tuilleadh a mhealladh chuici chomh maith le gné bhreise a chur ar fáil don Ard-Fheis féin. Níl a fhios agam an bhfuilim féin róshean leis na buataisí peile a bhaint as an gcófra ach beidh le feiceáil!"

Arsa Eoghan Ó Murchadha, Oifigeach Caidrimh Phoiblí leis Na Gaeil Óga agus ball den Chonradh: "Táimid ag dréim go mór leis an gcomórtas anois, tá súil againn go spreagfaidh an comórtas seo tuilleadh cumann an Ghaeilge a úsáid agus súil againn go mbunófar tuilleadh cumann ar nós Na Gaeil Óga timpeall na tíre. Ó tá duaiseanna breátha againn, táimid ag súil le foirne áitiúla agus cinn as gach cearn den tír!"

Costas €150 atá ar chlárú foirne (seachtar móide fear ionaid nó beirt) agus air sin, faightear costas an chomórtais féin, chomh maith le dinnéar agus céilí oíche Shathairn san Óstán an Auburn Lodge. Tá lóistín ar fáil san óstán féin ar scothmhargaí más toil le daoine é, chomh maith le brú áitiúil.

Tá tuilleadh eolais agus foirm chlárúcháin ar fáil ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / Twitter @FeilePeileGael / www.facebook.com/events/103864039743028/

TUILLEADH EOLAIS:

Eoghan Ó Murchadha
Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Na Gaeil Óga
086 1954176 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
+353 (0) 1 475 7401

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.