Skip to main content

An Ghaeilge faoi bhláth arís i gCollchoill na Picnice Leictrí

 An Ghaeilge ag Croí na Féile arís ag an bhféile cheoil is mó in Éirinn

 

Beidh Croí na Féile, clár Ghaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge, faoi bhláth arís i mbliana ag Picnic Leitreach a bhuí le fás an togra - agus é tar éis a bheith i láthair ag a leithéidí Kaleidoscope, Féile na Gealaí agus Féile an Phobail i mBéal Feirste go dtí seo i mbliana. Tá dhá bhliain de cheol beo bríomhar tar éis a bheith ar ardán na Collchoille faoin togra go dtí seo, chomh maith le láthair champála Gaeltachta, agus táthar ag súil leis an nGaeilge a chuir ag croí na féile arís eile.  

Tugann Conradh na Gaeilge cuireadh do lucht freastal na féile dul ar seachrán go dtí an Chollchoill, áit ina mbeidh cultúr, ceol agus teanga á gceiliúradh ag Croí na Féile le Conradh na Gaeilge. Ó rapálaithe go banríonacha drag, idir ghrúpaí traidisiúnta agus grupaí omóis na n-80idí, beidh clár na bliana seo ag treorú lucht na féile tríd an choill, agus á chur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha - a leithéidí Jiggy, Súil Amháin agus an Shandrum Céilí Band - agus beidh cóisir cheilte coille go maidin faoi chlúdach na gcrann agus solas na gealaí.

Éist leis na scéalaithe agus na hamhránaithe a thiocfaidh le chéile cois tine ar imeall phríomhláthair na féile.  Beidh deis agaibhse bhur scéalta féin a roinnt freisin agus sibh ar bhur sáimhín só i gcúinne Raidió Rí-Rá, a bheidh ag craoladh beo ón láthair. Nó bíodh comhrá agat le lucht an ghníomhachtuithe soghluaiste, a bheidh ag guairdeall thart leis an moladh “úsáid do theanga”. 

Deir Síomha Ní Ruairc, Conradh na Gaeilge; 

"Is bunchloch riachtanach d’fhéilire shóisalta an tsamhraidh iad féiltí ceoil, Picnic Leictreach ach go háirithe. Ceann de na príomhchúiseanna a fhreastlaíonn muid ar fhéiltí ceoil ná deis a bheith againn ár bhféiniulacht a chuir in iúl i mbealach a bhfuil saoirse ag baint leis, nach mbíonn againn sa ghnáthsaol - agus cad is teanga ann ach do chuid féiniúlachta. Chonaiceamar an tionchar dearfach a bhí ag láithreacht na teanga agus an chultúir ar lucht freastal na féile i 2018 agus 2019, agus táimid ag súil le fás agus forbairt an ardáin agus an láthair champála i mbliana."

 

An Ghaeltacht

Arís eile beidh deis ag lucht campála a bpubaill a chrochadh i gcomhluadar na nGael sa láthair oifigiúil champála Gaeltachta ag Picnic Leictreach.

Lleanfar leis an mbéim ar chúrsaí athchúrsála agus aire don timpeallacht sa cheantar i mbliana, le háiseanna athchúrsála agus eolas maidir leis an láthair - agus an domhan! - a choinneáil glan.  Beidh áit chruinnithe i lár an cheantair do na Gaeil a bheidh ag campáil,  ina mbeidh cannaí agus caint ar siúl, in áit an gnáth tae agus plé.

Beidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha na n-áitritheoirí. Ar fáil do lucht ticéid amháin. Tá clárúchán ar oscailt ón Aoine 19 Iúil  - níl ach líon teoranta spásanna ann. Tapaigh an deis agus cláraigh ag bit.ly/campail22.

Tá na ceantair seo ag cur le láithreacht na Gaeilge ag an bPicnic, chomh maith leis an gceol agus siamsaíocht den scoth a bhíonn ar fáil chuile bhliain sa Phuball Gaeilge atá lonnaithe sa Mindfield, eagraithe ag Rossa Ó Snodaigh le 15 bhliana anuas, agus i mbliana tacaithe ag Féile na Gealaí agus Féile Nasc. 

Deir Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge;

 "I gcaitheamh an tsamhraidh, tá foireann Chonradh na Gaeilge, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, tar éis an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh ag cuid de na féilte is mó in Éirinn - ag Féile an Phobail, ag Kaleidoscope, agus anois ag Electric Picnic, chomh maith le tacaíocht a chur ar fáil d’Fhéile na Gealaí i nGaeltacht Ráth Chairn. Tá aiseolas dearfach faighte againn agus is álainn an rud é cloisteáil go bhfuil tionchar spreagúil ag #CroíNaFéile ar an bpobal."

Tá Croí na Féile á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge le cúnamh ó Fhoras na Gaeilge.

 

 

 

TEAGMHÁIL

Síomha Ní Ruairc

Comhordaitheoir Óige, Conradh na Gaeilge

 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Twitter: @cnag 

Instagram: @croinafeile 

Ar líne: #CroíNaFéile

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.