Skip to main content

Tús le comhoibriú úr idir Conradh na Gaeilge agus Féile an Phobail

Conradh na Gaeilge ag súil go mór leis na himeachtaí Gaeilge go léir mar chuid de Féile an Phobail i mbliana

 

WhatsApp_Image_2022-08-03_at_2.00.41_PM.jpeg

 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Conradh na Gaeilge;

“Tá lúcháir mhór orainn bheith ag comhoibriú le Féile an Phobail i mbliana, an Féile ealaíne pobail is mó sa tír. Cuireann Féile an Phobail réimse iontach imeachtaí ar fáil a fhreastalaíonn ar óg agus aosta. Níl amhras ar bith orainn ach go bhfuil Féile ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí i bhféilire na bliana do phobal na Gaeilge, imeacht a chruthaíonn spásanna úra dúinn an teanga a úsáid agus a chur chun cinn ar bhealaí iontacha. Idir ceolchoirmeacha, seisiúin cheoil agus scéalaíochta, dianchúrsaí Gaeilge, turais staire, díospóireachta, paráid agus ceardlanna, bíonn rogha gach imeachta ann ag Féile ag Phobail. Guíonn muid gach ráth ar an Fhéile i mbliana agus ar na páirtnéirí pobail ar fad atá ag obair leo.”

 

Dúirt Kevin Gamble, Stiúrthóir, Féile an Phobail:

“Tá muid iontach sásta bheith ag comhoibriú le Conradh na Gaeilge chun áit na teanga a chinntiú agus a chur chun cinn i measc na n-imeachtaí agus na pleanála ar fad atá faoi lán seoil mar chuid de Féile an Phobail. Is mian linn a chinntiú go mbíonn an Ghaeilge i gcónaí lárnach, infheicthe agus le cluinstin le linn na Féile. Is comhpháirtíocht thábhachtach í seo agus muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn mar chuid den Fhéile. Tá réimse leathan imeachtaí agus deiseanna againn atá dírithe ar chainteoirí Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim agus iad siúd atá líofa sa teanga, mar aon leo siúd atá ag plé leis an teanga den chéaduair. Tá muid ag súil go mór le bheith ag comhoibriú le foireann Chonradh na Gaeilge agus agus ag fáiltiú daoine áitiúla agus cuairteoirí as gach carn den tír agus níos faide i gcéin chuig Féile an Phobail i mbliana."

 

Is féidir teacht ar imeachtaí Gaeilge a bheas ag titim amach ag Féile an Phobail 2022 anseo: https://feilebelfast.com/mec-category/irish-gaeilge/

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.