Skip to main content

‘Pleanáil Tithíochta, Teanga, agus Teaghlaigh’ mar théama ag seimineár Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge an Aoine bheag seo in Áras Bhreannáin

Reáchtálfar seimineár dar teideal Pleanáil Tithíochta, Teanga, agus Teaghlaigh in Áras Bhreannáin, Corca Dhuibhne, ar an Aoine 1 Iúil agus Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag filleadh ar an bhfíorshaol don chéad uair ó 2019.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá an-áthas orainn go bhfuil Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ag filleadh ar an bhfíorshaol don chéad uair ó 2019 agus go mbeidh deis againn deireadh seachtaine a chaitheamh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is mian liom buíochas a ghabháil le Tobar Dhuibhne, Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus le foireann an Chonartha a d’oibrigh go dian chun an Tionól a eagrú in athuair agus táimid ag súil go mór bualadh le seanchairde don chéad uair le fada. Beimid ag cur tús leis an Tionól i Músaem Chorca Dhuibhne tráthnóna Déardaoin 30 Meitheamh ag 8.30i.n. agus tá áthas orainn go mbeidh Breandán Mac Gearailt agus John Prendergast linn mar chuid den ócáid oscailte. Is mian liom cuireadh a thabhairt don phobal áitiúil a bheith linn ag an oscailt agus ag imeachtaí uile an Tionóil trí chéile. Is breá liom freisin go mbeidh deis againn díriú ar cheist na pleanála tithíochta, teanga agus teaghlaigh ag Seimineár an Tionóil, a bheidh ar siúl in Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh ar an Aoine 1 Iúil ag 8.00i.n.”

Ag trácht ar an Seimineár dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé beartaithe againn sa seimineár seo scrúdú a dhéanamh ar roinnt de na téamaí a bhaineann le hinmharthanacht na Gaeltachta mar áit a bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha an phobail. Is téamaí iad seo a bhaineann le gach ceantar Ghaeltachta ach tá ríméad orainn go bhfuil triúr chainteoir againn ó cheantar Chorca Dhuibhne a bhfuil saineolas agus spéis faoi leith acu sna téamaí seo. Is mór againn gur ghlac Orlaith Ruiséal — Stiúrthóir Tús Maith, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Aoife Ní Shéaghdha – Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh & Taighdeoir agus Breanndán Ó Beaglaíoch — Todhchaí na Tuaithe, lenár gcuireadh labhairt ag an Seimineár. Is é mo chomhghleacaí ar Mheitheal Ghaeltachta an Chonartha, an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh a bheidh sa chathaoir. Táimid ag súil go mór lena cainteanna agus leis an díospóireacht.”

Dúirt John Prendergast, Oifigeach Pleanáil Teanga le Tobar Dhuibhne:

“Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí chuig Tionól Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge agus chun áilleacht an cheantair agus saibhreas teanga agus chultúr Chorca Dhuibhne a thaispeáint dóibh. Cuireann an Tionól Ghaeltachta leis an obair atá ar siúl againn mar chuid dár bPlean Teanga agus is léiriú é ar an mbuntáiste atá againn mar phobal Ghaeltachta. Ba mhaith liom a mheabhrú freisin don phobal áitiúil go bhfuil fáilte rompu ag na himeachtaí poiblí atá ar siúl mar chuid den Tionól.” 

Reáchtálfar an Seimineár in Áras Bhréanainn, Baile an Fheirtéaraigh ar an Aoine 1 Iúil ag 8.00i.n. Tá an Seimineár oscailte don phobal agus beidh deis breathnú air freisin ar shuíomh Facebook agus cainéal YouTube Chonradh na Gaeilge.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.