Skip to main content

Duine de na gníomhaithe teanga is rathúla le 40 bliain anuas le dul ar scor

Tá Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí Conradh na Gaeilge, le dul ar scor tar éis na mblianta ag troid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta

Tá sé curtha in iúl go bhfuil Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, le dul ar scor ag deireadh mí Lúnasa tar éis 40 bliain caite aige ag obair le Conradh na Gaeilge.

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Níl aon dabht ach go bhfuil Peadar Mac Fhlannchadha tar éis éachtanna a bhaint amach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i rith an tréimhse 40 bliain atá sé ag obair le Conradh na Gaeilge. Bhí ról nach beag aige i bhfeachtais éagsúla, ar nós stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach, €30 milliún a bhaint amach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge agus d’éirigh leis an chéad cás trí Ghaeilge a chur chun cinn i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, cás a bhuaigh sé nuair a rialaigh an Chúirt gur theip ar an Stát Treoir den AE a d’éiligh pacáistiú dátheangach ar tháirgí leighis d’ainmhithe a thrasuí i gceart isteach i nDlí na hÉireann. Tá an eagraíocht buíoch de Pheadar as gach a rinne sé linn thar na blianta agus guíonn muid gach rath air agus é ag tabhairt faoi dhúshláin nua amach anseo.”

 

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Bainisteoir Abhcóideachta

 

“Ba phribhléid é a bheith ag obair le Conradh na Gaeilge agus le gníomhaithe Ghaeilge agus pobail fud fad na tíre. Tá ómós ollmhór agam don na pobail ar fad a sheas agus a sheasann leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge agus a chinntíonn go mbronnfar an teanga ar an gcéad ghlúin eile, agus na glúine a thiocfaidh ina dhiaidh siúd. Gan na pobail seo ní bheadh tada in ann don teanga. Le linn mo thréimhse oibre chuir mé aithne ar nach mór gach pobal Ghaeltachta agus Gaeilge sa tír agus táim buíoch dóibh as an tacaíocht a thug siad dom i gcónaí.

Le linn mo thréimhse oibre freisin bhí an t-ádh liom a bheith ag obair le cinnirí Gaeilge agus Gaeltachta, sa Chonradh agus in eagraíochtaí eile, a thuig cás na teanga agus a bhí sásta troid ar a son agus croí agus anam a chur sa troid sin. Is mian liom buíochas a ghabháil leo siúd ar fad. Tá buíochas faoi leith ag dul do mo chomhghleacaithe  ar fhoireann an Chonartha, idir foireann reatha na heagraíochta agus iad siúd a d’oibrigh liom ó thosaigh mé ag obair sa Chonradh. Táim i mo bhall de Chonradh na Gaeilge ó bhíos sé bliana déag d’aois agus táim ag súil go mór anois leanúint leis an obair dheonach agus mé ag imeacht ó mo ról mar fhostaí san eagraíocht.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

 

“Tá sé deacair foireann an Chonartha a shamhlú gan Peadar Mac Fhlannchadha linn amach anseo. Roinn sé an oiread sin saineolas, taithí agus cairdeas linn ar fad thar na blianta agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis as sin ar fad. Ní amháin go mbíodh Peadar gníomhach sna feachtais ach bhí ról faoi leith aige i gcúrsaí Gaeltachta agus forbairt Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht. Is laoch don Ghaeilge agus don Ghaeltacht é Peadar agus beimid thíos leis amach anseo gan é linn go lánaimseartha. Sin ráite, agus mar a thuigfeadh aon duine le haithne acu air, tá sé i gceist ag Peadar leanúint ar aghaidh le ról gníomhach deonach san eagraíocht amach anseo agus táimid ag súil le bheith ag obair leis i gcónaí sa slí sin amach anseo.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.