Skip to main content

Spreagadh & Rí-Rá in Uimhir 6 Seoladh clár imeachtaí don phobal le tacaíocht ón Ciste Spreagtha agus athoscailt stáisiún Raidió Rí-Rá in Uimhir 6, Sráid Fhearchair

Sheol an tAire Stáit agus Príomhaoire an Rialtais, Jack Chambers, TD clár leathan d’imeachtaí sa phobal le cabhair ón gCiste Spreagtha aréir, Déardaoin, 26 Bealtaine in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, & d’athoscail sé stiúideo forbartha Raidió Rí-Rá, an ógstáisiún náisiúnta raidió Gaeilge, i mBaile Átha Cliath ar an oíche chéanna. 

Dúirt Jamie Ó Flannúra, Bainisteoir Raidió Rí-Rá:

“Táimid i Raidió Rí-Rá, an ógstáisiún náisiúnta raidió Gaeilge, an-sásta leis bhforbairt déanta ar ár stiúideo i mBaile Átha Cliath. Cuirfidh na forbairtí ar ár gcumas cur leis an líon seónna beo a chraolaítear ar Raidió Rí-Rá agus beidh níos mó láithreoirí in ann gníomhú leis an stáisiún amach anseo. Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit agus Príomhaoire an Rialtais, Jack Chambers, TD as an maoiniú a chur ar fáil don stáisiún. Láidríonn an fhorbairt seo ár n-éileamh leis an ógstáisiún násiúnta raidió Gaeilge a chur ag craoladh ar FM ar bhonn lánaimseartha amach anseo.”

 

Dúirt Jack Chambers, TD, Aire Stáit agus Príomhaoire an Rialtais:

“Táim an-bhródúil go mbeidh scoth na n-imeachtaí Gaeilge ar siúl fud fad na tíre le tacaíocht ón gCiste Spreagtha. Bhí cúpla bliain dheacair ag grúpaí pobail le linn na paindéime agus tá súil agam go gcuirfidh an maoiniú seo borradh faoi phobal na Gaeilge leis na himeachtaí atá beartaithe acu le cabhair ón gciste. Is cúis céiliúrtha dom é gur féidir liom cuidiú le tograí den chineál seo, a bhfuil an Ghaeilge ina gcroílár acu, agus tá mé ag súil go mór le freastail ar chuid de na himeachtaí. 

 

Chomh maith leis sin, táim an-ríméadach go raibh mé in ann an fhorbairt ar stiúideo Raidió Rí-Rá i mBaile Átha Cliath a mhaoiniú. Beidh an stáisiún in ann breis freastail a dhéanamh ar dhaoine óga agus deis a thabhairt dóibh éisteacht le seirbhís raidió as Gaeilge atá dírithe go huile is go hiomlán ar a aoisghrúpa.”

 

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Tá an Ciste Spreagtha ag cur maoinithe ar fáil do 150 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta le himeachtaí sa phobal a eagrú. Beidh réimse leathan imeachtaí á n-eagrú idir anois agus deireadh mhí an Mheithimh, agus tá rud in oiriúint do gach aon duine idir óg agus aosta ag gach leibhéal Gaeilge. Molaim go mór na grúpaí atá ag tabhairt faoin obair seo le húsáid na Gaeilge a spreagadh sa phobal, go háirithe i ndiaidh na paindéime. Tá súil agam go dtapóidh an pobal an deis iontach seo freastal ar na himeachtaí ina gceantar áitiúil. Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit Jack Chambers as an gclár imeachtaí den Chiste Spreagtha a sheoladh agus as an maoiniú fial a chuir sé ar fáil.”

 

Tá an clár imeachtaí ar fáil ag an nasc seo.

 

Tá grianghraif ón ócáid (glactha ag Conor McCabe) ar fáil anseo.

 

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia i mbun an Ciste Spreagtha a riaradh, le leanúint len a cheiliúradh ar 120 Bliain den fhéile i 2022, agus tá an Ciste Spreagtha agus an fhorbairt ar stiúideo de Raidió Rí-Rá maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Tuilleadh eolais:

 

Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. +353 (0)85 7759639

 

Jamie Ó Flannúra, Bainisteoir Raidió Rí-Rá | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. +353 (0)87 7414206

 

 

2.jpeg

Sa bpictiúr: Aoife Ní Oisín, Jack Chambers, Alswyn Ní Aonghusa, Julian de Spáinn & Jamie Ó Flannúra.

 1.jpeg

Sa bpictiúr: Jamie Ó Flannúra & Jack Chambers.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.