Béal Feirste dearg le fearg agus an mórshiúl Gaeilge is mó le glúin ag éileamh chearta teanga Éilíonn cainteoirí an lae ar Rialtas na Breataine agus ar an DUP deireadh láithreach a chur lena gcros agus lena mbac i gcoinne na Gaeilge

Chuaigh na mílte chun sráide inniu i mBéal Feirste chun chearta teanga agus acht Gaeilge a éileamh mar chuid den Lá Dearg. Idir theaghlaigh, ghrúpaí pobail, chumainn CLG, eagrais spóirt agus go leor eile a tháinig le chéile mar chuid de mhórshiúl stairiúil ar son na teanga. Chruinnigh na sluaite lasmuigh de Chultúrlann McAdam Ó Fiaich in iarthar na Cathrach sular thug siad áird ar lár na Cathrach, áit a raibh óráidí, ceol agus siamsaíocht. Tugadh teachtaireachtaí láidre go bhfuil an pobal tinn tuirseach den chur i gcéill agus den mhoilleadóireacht agus go bhfuiltear ag éileamh reachtaíochta atá ceart-bhunaithe agus láidir mar a gealladh i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006. 

 

Ag caint ón ardán ag an Lá Dearg, dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhra leis An Dream Dearg:

 

“Tá tacaíocht ollmhór faighte againn inniu agus le blianta anuas don fheachtas chearta teanga ar son acht Gaeilge, ó phobal na Gaeilge iad féin agus ón mhórphobal trí chéile anseo. Bhí fhios againn go raibh lá mór agus rathúil romhainn ach níl amhras ar bith againn gurb é seo an agóid Ghaeilge is mó agus is suntasaí le glúin. Thóg An Dream Dearg gluaiseacht ón bhun aníos atá i ndiaidh ceist na Gaeilge a bhrú ó imeall na sochaí anseo go croílár na díospóireachta polaitiúla go háitiúil agus go hidirnáisiúnta. Is gluaiseacht í seo a thug agus a thugann dúshlán na ceannasaíochta cumhachta agus a chinntigh nach gcaithfear linn arís mar shaoránaigh den dara grád. Ní dhéanfaí imeallú orainn a thuilleadh, tá na laethanta sin thart go deo. Tá ár dteachtaireacht soiléir agus cruinn. Tá sé in am do Rialtas na Breataine, don DUP agus dreamanna eile atá i gcumhacht deireadh a chur lena gcros fadbhunaithe agus lena mbac leanúnach ar chearta teanga. Tá muid ag fanacht le agus ag éileamh Achta Gaeilge le fada fada an lá. Tá sé anois in am don Acht sin. Ní fhánfaidh muid a thuilleadh ar na cearta teanga sin atá i bhfeidhm ar fud na n-oileán sin cheana féin. Éilíonn muid socrú níos fearr. Éilíonn muid sochaí níos ionchuimsithí do chách, áit a mbeadh meas ar ár rogha teanga, béim ar chaoinfhulaingt agus ar chomhionannas, agus áit a mbeidh ár gcearta teanga fréamhaithe agus aitheanta sa dlí. Tá muid beagnach ann. Acht Anois.”

 

Bhí Clíodhna Ní Mhianáin, de bhunadh Charn Tóchair, Sleacht Néill, 11 bliain d’aois nuair a shiúil sé mar chuid den Lá Dearg in 2014. An lá sin rinneadh éileamh mór le haghaidh Mheánscoil Ghaeilge i nDoire Theas. In 2017 chuaigh sí chun sráide arís agus inniu thóg sí sos óna cuid ullmhúcháin Ard-Leibhéil le labhairt ar an ardán ag An Lá Dearg.

 

Dúirt Clíodhna inniu:

 

“Mar Ghael óg chonaic mise mé fein an tionchar claochlaitheach ar féidir a bheith againn mar phobal nuair a eagraíonn muid agus nuair a thugann muid dúshláin an stáit seo go gníomhach ar cheisteanna Gaeilge. D’inis siad dúinn in 2014 nach raibh cead againn meánscoil Ghaeilge dár gcuid féin a bheith againn agus chuaigh muid i mbun agóide. Bhain muid an troid sin agus in 2015 bunaíodh Gaelcholáiste Dhoire le 13 dalta. Anois, tá beagnach 300 dalta i ndiaidh teacht fríd doirse ár scoile, agus mar bhall den chéad bliainghrúpa in 2015, tá mé anois ag críochnú m’aistir scoile. Ní bheadh an turas sin sa mheánscolaíochta lán-Ghaeilge indéanta murach iarrachtaí ár bpobail féin, pobal na Gaeilge, pobal a sheas an fód ar cheisteanna comhionannais agus cearta, agus a d’éiligh reachtaíocht don Ghaeilge arís agus arís eile. Anois tá ré s’againne ann, agus tá sé in am do ghlúin s’againne ár gcuid a dhéanamh, le bheith ag eagrú, ag gníomhú agus ag éileamh sochaí a bheas sásta pobal na Gaeilge a aithint agus ár roghanna teanga a cheiliúradh mar chuid lárnach de shochaí éagsúil shaibhir a thabharfas spás dúinn fás agus forbairt. Tá Gaeil óga díograiseacha, oilte agus muiníneacha anseo inniu atá sásta an troid mhaith a dhéanamh agus ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Ní ghlacfaidh muid le haon socrú eile.”

 

Ba é Dáithí Mac Gabhann, 5 bliain d’aois, aoi speisialta an lae; Gael óg a tógadh trí mhéan na Gaeilge a tharraing clú idirnáisiúnta air féin nuair a bhain siad amach athrú stairiúil sa dlí maidir le deonú orgán. Is ball leanúnach agus láidir é Dáithí den Dream Dearg agus labhair sé ar an ardán in 2017 fosta.

 

Mar aon leis sin labhair Katire Irvine, oibrí óige Gaeilge ó Ghlór na Móna agus Dónal Ó Cnaimhsí, ionadaí Gaeltachta a thug teachtaireacht láidir dlúthpháirtíochta ó Ghaoth Dobhair. 



TEAGMHÁIL:

Pádraig Ó Tiarnaigh - 004477166 90237

Conchúr Ó Muadaigh - 00447596 520262

Ciarán Mac Giolla Bhéin - 00447545 293841

 

Facebook:  https://www.facebook.com/AnDreamDearg/ 

Twitter:  @DreamDearg #AnLáDearg #AchtAnois

 

IMG_7686.jpg

 

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge