Skip to main content

Na Mílte le tarraingt ar Bhéal Feirste Dé Sathairn chun tacú le hAcht Gaeilge ag an Lá Dearg Táthar ag súil le mórshúil stairiúil amárach a bheas ag toiseacht ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ag dul go Halla na Cathrach

Dearg_le_fearg_v24.JPG

 

Tá An Lá Dearg beartaithe ag An Dream Dearg, amárach, 21 Bealtaine 2022 chun éileamh ollmhór an phobail ar son Acht Gaeilge ó thuaidh a léiriú arís eile. Beidh pobal na Gaeilge as gach cearn den tír agus timpeall na cruinne ag triall ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich Béal Feirste, áit a gcuirfear tús le mórshiúl go Halla na Cathrach sa chathair. Fágfaidh na sluaite an Chultúrlann ag 1pm agus beidh ócáid mhór taobh amuigh de Halla na Cathrach nuair a bhaineann an slua lár na Cathrach amach.

 

Deir Conchúr Ó Muadaigh, urlabhra leis An Dream Dearg:

 

“Tá tacaíocht ollmhór ón phobal don Acht Gaeilge agus don fheachtas trí chéile agus tá muid uilig ag súil le slua stairiúil i mBéal Feirste don Lá Dearg. Nuair a amharcann muid siar ar an Lá Dearg deiridh a rinne muid in 2017 níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn dóchreidte déanta againn mar phobal. Tá gréasán ollmhór gníomhaithe ag eagrú agus ag pleanáil le míonna fada anuas agus anois tá deis againn mar phobal ár ngúth a ardú arís eile os comhair an domhain. Beidh na Gaeil chun tosaigh, glórach agus bródúil, ag éileamh chearta teanga a diúltóidh dúinn le breis agus 20 bliain. Bhrúigh muid ceist na Gaeilge go croílár na polaitíochta anseo agus níl muid ag dul áit ar bith go n-aithníonn an stát seo ár dteanga dhúchais agus ár bpobal sa dlí. Beidh An Lá Dearg seo ollmhór. Siúlaigí linn. Seasaigí linn. Le chéile athróidh muid an domhan seo.”

 

 

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Ó Tiarnaigh - 004477166 90237

Conchúr Ó Muadaigh - 00447596 520262

Ciarán Mac Giolla Bhéin - 00447545 293841

 

Facebook:  https://www.facebook.com/AnDreamDearg/ 

Twitter:  @DreamDearg #AnLáDearg #AchtAnois

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.