Skip to main content

Tacaíocht láidir thras-pháirtí léirithe d’achtú reachtaíochta Ghaeilge ó thuaidh #ANOIS ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí inniu

Agus tacaíocht léirithe acu chomh maith don Lá Dearg atá ag titim amach ar 21 Bealtaine i mBéal Feirste

Chomhordaigh Conradh na Gaeilge ócáid inniu le hionadaithe ó pháirtithe polaitiúla agus ó pholaiteoirí neamhspleách lasmuigh de Theach Laighean le tacaíocht thras-pháirtí a léiriú don éileamh #AchtAnois mar chuid d’fheachtas chearta teanga An Dream Dearg le haghaidh reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh a bheith achtaithe gan a thuilleadh moille. 

 

Léiríodh tacaíocht chomh maith don Lá Dearg atá le heagrú Dé Sathairn seo, 21 Bealtaine, i mBéal Feirste. Táthar ag súil go mbeidh na mílte duine ann le siúl chuig Halla na Cathrach le héileamh don reachtaíocht Ghaeilge a gealladh sa Chomhaontú Cill Rímhinn i 2006, sa chomhaontú Ré Nua Cur chuige Nua i 2020, ag an Rúnaí Stáit de Rialtas na Breataine, Brandon Lewis, i 2021 agus ag Príomhaire na Breataine, Boris Johnson, an tseachtain seo nuair a bhí sé ar cuairt i mBéal Feirste. 

 

Bhí ionadaithe i láthair ón gComhaontas Glas, ó Fhianna Fáil, ó Fhine Gael, ó Pháirtí an Lucht Oibre, ó Phobal Seachas Brabús, ó Sinn Féin, ó na Daonlathaigh Shóisialacha agus na neamhspleáchaigh i láthair. 

 

2_ld.jpeg

3_ld.jpeg

 

TEAGMHÁIL:

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

086 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge

00 44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.