Agus tacaíocht léirithe acu chomh maith don Lá Dearg atá ag titim amach ar 21 Bealtaine i mBéal Feirste
Chomhordaigh Conradh na Gaeilge ócáid inniu le hionadaithe ó pháirtithe polaitiúla agus ó pholaiteoirí neamhspleách lasmuigh de Theach Laighean le tacaíocht thras-pháirtí a léiriú don éileamh #AchtAnois mar chuid d’fheachtas chearta teanga An Dream Dearg le haghaidh reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh a bheith achtaithe gan a thuilleadh moille.
Léiríodh tacaíocht chomh maith don Lá Dearg atá le heagrú Dé Sathairn seo, 21 Bealtaine, i mBéal Feirste. Táthar ag súil go mbeidh na mílte duine ann le siúl chuig Halla na Cathrach le héileamh don reachtaíocht Ghaeilge a gealladh sa Chomhaontú Cill Rímhinn i 2006, sa chomhaontú Ré Nua Cur chuige Nua i 2020, ag an Rúnaí Stáit de Rialtas na Breataine, Brandon Lewis, i 2021 agus ag Príomhaire na Breataine, Boris Johnson, an tseachtain seo nuair a bhí sé ar cuairt i mBéal Feirste.
Bhí ionadaithe i láthair ón gComhaontas Glas, ó Fhianna Fáil, ó Fhine Gael, ó Pháirtí an Lucht Oibre, ó Phobal Seachas Brabús, ó Sinn Féin, ó na Daonlathaigh Shóisialacha agus na neamhspleáchaigh i láthair.
TEAGMHÁIL:
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
086 8142757 |
Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide Chonradh na Gaeilge
00 44 77 16690237 |
