Tá mic léinn 3ú leibhéal na tíre an-ghníomhach ag cur na Gaeilge chun cinn Aithníodh obair na mac léinn aréir nuair a bhronn Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga, na céad teastais agus gradaim de chuid na scéime ‘An Gníomhaí Gaeilge’

Bhronn Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga, na céad teastais agus gradaim de chuid na scéime ‘An Gníomhaí Gaeilge’ ar mhic léinn, ar Chumainn Gaelacha agus ar Aontais Mac Léinn 3ú leibhéal aréir, Dé Máirt, 17 Bealtaine, san Ionad Fionraíochta Guinness i mBaile Átha Cliath.

 

Is scéim nua de chuid Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn í ‘An Gníomhaí Gaeilge’ a chuireann meantóireacht, oiliúint agus aitheantas ar fáil don obair déanta ag mic léinn leis an nGaeilge a chur chun cinn sa tríú leibhéal. 

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Táimid iontach sásta gur éirigh thar barr leis an scéim phíolótach den tionscadal nua ‘An Gníomhaí Gaeilge’ de chuid an Chonartha agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Ghlac breis is 10 gcoláiste páirt ann, idir Cumainn Gaelacha agus Aontais Mac Léinn, agus thug 20 mac léinn faoi theastas pearsanta a bhaint amach chomh maith.

 

De réir gach aiseolas faighte ó na meantóirí, rinne na mic léinn obair iontach, idir imeachtaí shóisialta a eagrú, struchtúir na n-aontas mac léinn a Ghaelú, lóistín a bhaint amach do mhic léinn Gaeilge, feachtais Ghaeilge a eagrú ar a gcampas fhéin, agus go leor leor eile”

 

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga: 

“Bhí mé an-ríméadach as na céad teastais agus gradaim a bhronnadh ar mhic léinn, Cumainn Gaelacha agus Aontais Mac Léinn 3ú leibhéal aréir i mBaile Átha Cliath. Tá obair den scoth déanta ag na mic léinn le bliain anuas agus is maith é go bhfuil aitheantas bainte amach acu don obair chéanna.

 

Tá sé tábhachtach go spreagfar mic léinn, agus iad ag tosú nósanna saoil ag an 3ú leibhéal, leis an nGaeilge a úsáid níos mó ina saol, ní amháin le cairde agus gaolta ach leis na húdaráis agus leis an státchóras chomh maith. Tá seo ríthábhachtach le cinntiú go mbainfear úsáid as na seirbhísí a chuirfear ar fáil mar thoradh ar na forálacha breise a baineadh amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2021 le déanaí agus go bhfeicfidh siad na deiseanna gairmiúla a bheidh ann dóibh ag éirí as chomh maith. Molaim an scéim nua ‘Gníomhaí Gaeilge’ atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn le cur leis an spreagadh sin agus guím gach rath ar an scéim nua amach anseo.”

 

Tá Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag súil leis an scéim a fhorbairt anois agus táimid buíoch den tacaíocht atá faighte cheana féin don scéim ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus ón Údarás um Ardoideachas.

 

Is féidir le haon mhac léinn le spéis a bheith páirteach sa chéad bhliain den scéim sin a chur in iúl dúinn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

 

Tuilleadh eolais:

 

Aodhán Ó Deá,

Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge

+353 86 3102691 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Barry Ó Siochrú (sé/é)

Comhordaitheoir Triú Leibhéal (Gníomhach), Conradh na Gaeilge

+353 87 1555949 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

PICTIUIR 1: Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Eímear Nig Oireachtaigh (Oifigeach na Gaeilge CMLOÉG), Róisín Nic Lochlainn (Leas Uachtarán don Ghaeilge, Comhaltas na mac léinn) i gcomhar leis an Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

Sa phictiúr tá: Uachtarán Chonradh na Gaeilge Paula Melvin, Eimear Nig Oireachtaigh (Oifigeach na Gaeilge CMLOÉG), Róisín Nic Lochlainn (Leas Uachtarán na Gaeilge, Comhaltas na Mac Léinn) agus Rónán Ó Domhnaill (Coimisinéir Teanga).

 

Sa phictiúr tá: Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Aodhán Ó Deá, Jamie Ó Flannúra agus Barry Ó Siochrú.

 

c27051ed-4459-4f37-b5a9-55f8d0fb6ea9.jpeg

Pádraig Ó hAiniféin agus Eve Ní Chathasaigh ón gCuallacht UCC.

 

 

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge