Skip to main content

Ballraíocht Nua seolta ag Conradh na Gaeilge le Comharchumann Ráth Chairn

 

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh Chomharchumann Ráth Chairn mar an chéad chraobh chomhpháirteach cláraithe leis an eagraíocht faoi chóras agus strúchtúr breise ballraíochta a seoladh inniu freisin

 

CNGR-1006.jpg

 

Seoladh cineál ballraíochta nua le Conradh na Gaeilge inniu le Comharchumann Ráth Chairn atá cláraithe mar an chéad chraobh chomhpháirteach leis an eagraíocht. Don chéad uair riamh, beidh dhá shaghas craobh ag Conradh na Gaeilge: Craobh Eagraíochta agus Craobh Chomhpháirteach, mar a ghlacadh leis ag an Ard-Fheis i mí Feabhra. Leis an gcineál ballraíochta nua seo beidh níos mó daoine agus grúpaí Gaeilge in ann clárú mar chraobh de Chonradh na Gaeilge.

 

Ag an seoladh dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Paula Melvin:

“Tá an-áthas orm go bhfuil Comharchumann Ráth Chairn ag clárú inniu mar an gcead chraobh comhpháirteach cláraithe le Conradh na Gaeilge. Tá fíor fáilte rompu agus táimid ag súil go mór len a rannpháirtíocht san eagraíocht agus neartú na bhfeachtas Ghaeltachta idir lámha againn. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do aon ghrúpaí Gaeilge eile gur mian leo a bheith gníomhach linn ballraíocht a ghlacadh linn mar Chraobh Eagraíochta agus mar Chraobh Chomhpháirteach. Ní neart go cur le chéile.”

Dúirt Éanna Ó Cróinín, cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn:

“Táimid an-sásta a bheith cláraithe mar chraobh chomhpháirteach le Conradh na Gaeilge mar beidh glór anois ag muintir na Gaeltachta i nGaeltacht na Mí i gConradh na Gaeilge, an grúpa stocaireachta is láidre in Éirinn nuair a thagann sé go ceist na teanga.”

Is éard atá i gceist le Craobh Chomhpháirteach ná grúpa Gaeilge lena stádas dlí fhéin atá ag iarraidh fós a bheith páirteach i gConradh na Gaeilge (mar shampla comharchumann Gaeltachta, grúpa Gaeilge le stádas cuideachta acu cheana féin, srl.) Beidh grúpaí den tsaghas seo in ann clárú mar Chraobh Chomhpháirteach anois le Conradh na Gaeilge agus páirt a ghlacadh san eagraíocht. Tabharfaidh an córas nua deis do ghrúpaí nár chláraigh leis an gConradh cheana mar gheall ar rialachas clárú gan cur isteach ar a bhfreagrachtaí fhéin.

Neartóidh ballraíocht breise an eagraíocht mar fhóram daonlathach ag gníomhú ar son mhianta an phobail, chomh maith lena seasamh agus iad ag déanamh ionadaíochta ar son phobal na Gaeilge agus Gaeltachta le hAirí Rialtais, le feidhmeannaigh sna Ranna Rialtais éagsúla agus leis an earnáil phríobháideach trí chéile.

Beidh feachtas earcaíochta ar siúl ar mheáin shóisilta an Chonartha le linn na míosa chun léargas a thabhairt ar cad a chiallaíonn ballraíocht leis an gConradh dá mbaill leis an haischlib #isballdenchonradhmé.

 

TEAGMHÁIL

Aisling Ní Dhonnabháin, Feidhmeannach Ballraíochta

+353 89 2567193 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Julian de Spáinn

Ard-Rúnaí 

+353 86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Pictiúr: Úna Ní Fhaircheallaigh, Seán Mac Donncha, Paula Melvin, Éanna Ó Cróinín, Bridóg Ní Chonaire, Daithí Mac Cárthaigh, Aisling Ní Dhonnabháin.

 

Instagram: cnagaeilge

Twitter: @cnag 

 

EDITOR’S NOTE:

Conradh na Gaeilge is the democratic forum for the Irish-speaking community. The Conradh has over 200 branches and numerous individual members registered around the world, members that work hard to promote the use of Irish in their own areas. Conradh na Gaeilge’s main aim is to promote the use of Irish as the standard language in Ireland. Conradh na Gaeilge was established by Douglas Hyde, Eoin Mac Néill, and their colleagues on the 31st of July 1893. The organisation runs Irish-language courses; advocates for the language rights of Irish-speakers; raises awareness about the language; hosts the international Irish-language festival Seachtain na Gaeilge; manages the Irish-language information hub PEIG.ie and the Irish-language bookshop An Siopa Leabhar; supports Raidió Rí-Rá; and much more. More information: www.cnag.ie




 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.