“Go dtí go mbíonn dáta soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, níl aon chúis againn muinín a chur i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga”

“Bhí muid anseo roimhe seo, go mion mion minic” - Caitheann Conradh na Gaeilge leis an tagairt don Acht Gaeilge in Óráid na Banríona le rabhadh mór

 

Westminster Irish language legislation 'due before election' - The Irish  News

 

Tá Conradh na Gaeilge i ndiaidh rabhadh mór a thabhairt maidir le toil Rialtas na Breataine sna sála ar thagairt don reachtaíocht teanga bheith tugtha mar chuid d’Óráid na Banríona innu. Tagann coimitmint phairliminte an lae inniu beagnach bliain ar aghaidh ón ghealltanas a thug Stát-Rúnaí na Breataine Brandon Lewis BP anuraidh. Ag an am sin gheall Lewis go dtiocfadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht teanga fríd Westminster roimh dheireadh Dheireadh Fómhair 2021. Níor chomhlíonadh siad an gealltanas sin, nó an gealltanas breise a thug siad seo a chur i gcrích roimh dheireadh na mandáide a chuaigh thart. Níor cuireadh an reachtaíocht i bhfeidhm fós. 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Bhí muid anseo roimhe, go mion mion minic. Thug Rialtas na Breataine an choimitmint seo chun Acht Gaeilge a thabhairt isteach an chéaduair in 2006 mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn. I mí Meithimh anuraidh thug Brandon Lewis gealltanas poiblí go dtabharfaí an reachtaíocht teanga fríd Westminster roimh Dheireadh Fómhair 2021. Chaill siad an spriocdháta sin agus bhrúigh siad an cheist siar go deireadh na mandáide sin, agus chaill siad an spriocdháta sin fosta. Léiríonn ár dtaithí phianmhar ar an cheist seo go ndéantar coimitmintí ach nach ndéantar beart dá réir. Ní chuirtear i bhfeidhm iad riamh. Chuige sin, glacann muid le fógra an lae inniu le rabhadh mór. Tá dáta soiléir de dhíth orainn. Ba mhaith linn an dáta sin a fheiceáil luaite i ndialann oibre na Pairliminte. Go dtí go mbíonn dáta soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga, níl aon chúis againn muinín a chur i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga. Anois an t-am leis an chur i bhfeidhm.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Ag amharc ar an mhéid a thit amach le bliain anuas, agus go deimhin, le 16 bliain anuas, beidh pobal na Gaeilge soiniciúil ag éisteacht le coimitmint eile don reachtaíocht teanga in óráid na Banríona inniu. Bhí cuid mhór gealltanas foirmeálta againn, idir gealltanas poiblí an Stát-Rúnaí anuraidh, an choimitmint shoiléir scríofa a thug Rialtas na Breataine i gcomhaontú idirnáisiúnta ag Chill Rìmhinn in 2006 agus na spriocdhátaí a ceanglaíodh le tabhairt isteach na reachtaíochta sa Chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua, 2020. Insíonn an stair dúinn go gcríochnaíonn na coimitmintí seo gan aon ghníomh. Chun go gcuirfeadh pobal na Gaeilge aon mhuinín sa phróiseas seo is gá dáta soiléir a fhógairt nach féidir a bhogadh nó a athrú. Idir an dá linn tá ár bpobal ag eagrú agus ag beartú don Lá Dearg ar an 21 Bealtaine agus tá muid ag súil leis na mílte Gael a fheiceáil ar shráideanna Bhéal Feirste chun cearta teanga a éileamh.”

TEAGMHÁIL

Conchúr Ó Muadaigh

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Twitter: @cnag 

Ar líne: #AchtAnois

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge