Skip to main content

Tacaíonn 6 Pháirtí le héilimh #Gaelvóta maidir le cur chun cinn agus cosaint na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta

 

“Fíor easpa measa” is ea diúltú na bPáirtithe agus na n-iarrthóirí aontachtacha freagra a thabhairt ar fheachtas Chonradh na Gaeilge roimh an toghchán

 

ae22_gaelvóta.jpeg

Is féidir gach eolas maidir le #Gaelvóta, seasamh na bpáirtithe agus briseadh síos na bhfreagraí de réir toghcheantair a aimsiú anseo: http://bit.ly/gaelvota22 

Tá feachtas toghchánaíochta #Gaelvóta de chuid Chonradh na Gaeilge seolta inniu i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste. Beidh toghchán an Tionóil ó thuaidh ann Déardaoin na seachtaine seo, 5 Bealtaine 2022. Le linn Aibreáin rinne Conradh na Gaeilge teagmháil roinnt uaireanta le gach páirtí agus le gach iarrthóir neamhspleách ó thuaidh.

Mar chuid den fheachtas #Gaelvóta lorgaíodh coimitmintí toghchánaíochta ar na hábhairt seo a leanas:

  1. Tacú le Reachtaíocht don Ghaeilge tríd an fheachtas #AchtAnois, fríd an Tionól mar thosaíocht nó fríd Westminster
  2. Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a aontú agus a chur i bhfeidhm
  3. Bille úr a fhorbairt chun an Ghaelscolaíocht a chosaint agus a chur chun cinn
  4. Teangacha a aithint mar chroí-ábhair TGMO sna Scoileanna Béarla
  5. An Roinn Oideachais agus an Roinn Pobal a aithint mar thosaíocht agus Ranna Rialtais á roghnú

Thacaigh 6 Pháirtí le tromlach na n-éileamh thuasluaite: Aontú, Páirtí na Comhghuaillíochta, Páirtí Glas, SDLP, Sinn Féin agus Pobal Seachas Brabús, mar aon le roinnt iarrthóirí neamhspleácha.

Faoi am foilsithe an ráitis seo inniu, 3 Bealtaine 2022, ní bhfuarthas aon fhreagra ó aon cheann de na páirtithe aontachtacha (DUP, UUP, TUV) nó ó aon cheann de na hiarrthóirí aontachtacha neamhspleácha. 

Ag seoladh #Gaelvóta inniu, dúirt Michaeline Donnelly, Tanáiste, Conradh na Gaeilge:

Mar atá feicthe againn ó tháinig dlús úr faoin fheachtas mhór #AchtAnois ó 2017 ar aghaidh, tá tacaíocht láidir thraspháirtí ann don Ghaeilge, do chearta teanga agus don Ghaelscolaíocht. Agus muid ag dul don obair seo do na toghcháin in 2017, bhí 5 pháirtí ar éirigh leo suíocháin a bhaint sa Tionól a bhí ag tacú go poiblí le hAcht Gaeilge. Mhair an chomhghuallaíocht thraspháirtí sin ó shin agus mar a léiríonn na freagraí atá faighte againn tá an tacaíocht sin ann don Straitéis, don Ghaelscolaíocht agus don Ghaeilge sna scoileanna Béarla, mar aon leis an tacaíocht leanúnach d’Acht Gaeilge. Is é an aidhm atá leis an fheachtas #Gaelvóta ná firicí a bhailiú maidir le seasamh na bpáirtithe ar na mórcheisteanna Gaeilge agus an t-eolas sin a roinnt leis an phobal. Beidh an t-ábhar sin ar fad mar aon leis na freagraí uilig a fuarthas ar fáil ar líne agus ar na meáin shóisialta le linn na seachtaine seo. 

Conchúr Ó Muadaigh, Advocacy Manager with Conradh na Gaeilge, added:

Insíonn freagraí #Gaelvóta 2022 dhá scéal éagsúla dúinn. Ar lámh amháin tá comhghuallaíocht láidir thraspháirtí ann atá ag seasamh le chéile ag tacú le cearta teanga agus soláthar meadaithe oideachais don Ghaeilge. Ar an lámh eile, dhiúltaigh gach páirtí agus iarrthóir aontachtach freagra a thabhairt ar na héilimh. Is údár ollmhór díomá é an diúltú sin. Thug muid rogha do na páirtithe sin cruinniú a dhéanamh linn agus na hábhair a phlé agus a scrúdú, dá mba mhian leo. Arís eile, níor fhreagair aon pháirtí nó iarrthóir aontachtach an comhfhreagras sin a seoladh chucu roinnt uaireanta. Léiríonn sin fíor easpa measa ar theaghlaigh, ar fhoghlaimeoirí agus ar scoileanna Gaeilge atá ag plé leis an teanga ar fud an phobail mhóir. Maidir leis na páirtithe siúd a thacaigh leis na héilimh ar na mallaibh, gabhann muid ár mbuíochas leo as ucht na tacaíochta sin, agus tá muid ag súil le bualadh leo sna seachtainí atá amach romhainn leis na héilimh a phlé agus a fhíorú gan a thuilleadh moille. 

Pictiúr: Cuisle Nic Liam, Conchúr Ó Muadaigh, Julian de Spáinn agus Pádraig Ó Tiarnaigh i mBéal Feirste inniu agus #Gaelvóta á sheoladh acu.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.