“Ni fiú dúinn dul ar aghaidh leis seo go dtí go mbíonn dáta soiléir ann d’Acht Gaeilge”

Cuireann Conradh na Gaeilge deireadh le cruinniú leis an Aire Stáit Conor Burns MP nuair a dhiúltaigh sé arís dáta soiléir a chur ar fáil i gclár ama Westminster maidir leis an Acht Gaeilge

Chuir Conradh na Gaeilge deireadh le cruinniú leis an Aire stáit inniu i mBéal Feirste inniu (Máirt 12 Aibreán 2022) nuair a dhiúltaigh an tAire am cinntithe a chur ar fáil i gclár ama Westminster chun an reachtaíocht Gaeilge a chur i bhfeidhm faoi mar a gealladh í sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. Bhí cruinniú an lae inniu le tarlú i Meán Fómhair 2021 agus arís in Eanáir 2022, dhá chruinniú nár thit amach. 

Bhí sé mar bhunchloch aitheanta sa chomhaontú sin, Ré Nua Cur Chuige Nua (Eanáir 2020), go dtabharfadh na páirtithe agus / nó na Rialtais reachtaíocht Gaeilge isteach laistigh de 100 lá. Faoi 17 Meitheamh 2021 bhí spriocdháta úr tugtha ag Rúnaí Stáit na Breataine Brandon Lewis MP do lucht Chnoc an Anfa, an reachtaíocht a thabhairt isteach faoi mhí Mheán Fómhair 2021 nó go dtabharfadh a Rialtas féin an reachtaíocht fríd Westminster i mí Dheireadh Fómhair 2021. Tháinig deireadh le mandáid Stormont i mí Márta 2022 agus ag an stád sin d’fhógair Rialtas na Breataine nach raibh sin chun an reachtaíocht a thabhairt isteach an taobh seo den toghchán.

Agus cruinniú an lae inniu thart, dúirt Michaeline Donnelly, Tanáiste, Conradh na Gaeilge:

Tháinig muid chuig cruinniú an lae inniu le Rialtas na Breataine agus muid ag súil le huasdátú oifigiúil maidir le teacht isteach na reachtaíochta seo don Ghaeilge. D’iarr muid go soiléir ar an Aire dáta cruinn oifigiúil a chur ar fáil i gclár ama na Pairliminte agus ar an drochuair ní raibh an tAire sásta sin a dhéanamh. Ní raibh de rogha againn ag an phointe sin ach deireadh a chur leis an chruinniú. Bhí breis agus 9 mí ag Rialtas na Breataine an reachtaíocht seo a fháil fríd, reachtaíocht a scríobhadh, a ullmhaíodh agus a foilsíodh in Eanáir 2020. Bhí sé réidh. Ní raibh i gceist leis an mhoill seo ach moill pholaitiúil. Chuir muid in iúl don Aire, má bhíonn muid le cruinniú eile a dhéanamh, go dtarlóidh sé sin ar an bhunús go bhfuil dáta cruinn againn agus go bhfuil an reachtaíocht á cur fríd. 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

Bhí ár dteachtaireacht inniu thar a bheith soiléir. I ndiaidh dóibh cúlú go suntasach óna gcoimitmintí an reachtaíocht teanga  thabhairt isteach ag Westminster, níl aon mhuinín againn i Rialtas na Breataine maidir le cearta teanga. Is rialtas é seo ar theip orthu reachtaíocht a bhí réidh le dul a chur i bhfeidhm, Rialtas ar theip orthu coimitmintí poiblí a chomhlíonadh. Creidimid go raibh siad fealltach bréagach ina gcuid iarrachtaí an cheist seo a reiteach, agus ar deireadh gur chinn siad an reachtaíocht seo a chur ar an mhéar fhada. I ndiaidh do Conor Burns diúltú dáta parlaiminte maidir le cur i bhfeidhm na gceart teanga a thabhairt ag cruinniú an lae inniu, dúirt muid leis an Aire nárbh fhiú leanúint ar aghaidh go dtí go bhfuil dáta oifigiúil againn d’Acht Gaeilge. Is ceist í seo atá gan réiteach ó bhí 2006 ann. Le 6 mhí anuas, tá muid ag plé go leanúnach le hoifigigh de chuid an NIO ar an cheist seo. Níl aon leathscéal inchreidte a dhéanfadh míniú fiúntach air seo, seachas go bhfuil Rialtas na Breataine ag déanamh tosaíochtaí de réir a gcláir pholaitiúil féin. Rinne Brandon Lewis agus Conor Burns cinnte de go mbeadh Acht Gaeilge fós ina chnámh spairne i dtréimhse toghchánaíochta, agus ina ceist atá fós gan réiteach le linn na n-idirbheartaíochtaí a leanfas an toghchán sin. Tá an locht sin orthu. Má tá muid dáiríre faoi shochaí a chothú ina bhfuil meas agus cosaint ann do chearta teanga, is ceist í seo ar gá a réiteach láithreach.

 

Screenshot_2022-04-12_at_16.56.36.png

Pictiúr: Cuisle Nic Liam, Conchúr Ó Muadaigh, Michaeline Donnelly, Julian de Spáinn agus Pádraig Ó Tiarnaigh i mBéal Feirste inniu agus cruinniú an lae inniu thart.

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge