Skip to main content

Litir phoiblí sínithe ag breis agus 1000 duine foilsithe inniu ag éileamh chearta teanga ó thuaidh i ndiaidh blianta fada de mhoill agus de chosc

 

Seoladh an litir chuig comhshínitheoirí an chomhaontaithe Ré Nua Cur Chuige Nua, Rialtas na Breataine & Rialtas na hÉireann, mar aon leis na páirtithe go léir ó thuaidh

Tá litir ina bhfuil éileamh úr do chearta teanga ó thuaidh sínithe ag breis agus 1000 duine agus í foilsithe san Irish News inniu taobh leis an liosta sínitheoirí. Tagann an litir seo mar thoradh ar theip Rialtas na Breataine an reachtaíocht a chur i bhfeidhm trí Westminster, mar a bhí geallta acu ó Mheitheamh 2021. Tharraing Rialtas na Breataine siar ón choimitmintí sin go poiblí ar na mallaibh. Tá an litir phoiblí úr seo sínithe ag réimse leathan daoine ón tsochaí, ón saol acadúil, gnó, dlí, oideachais, ó na meáin agus ón phobal trí chéile.

I measc na ndaoine a shínigh an litir luaitear an dornálaí Michael Conlon; réalta móra CLG Neil McManus, Cathy Carey agus Rory Grugan; an ceoltóir Gráinne Holland; buaiteoirí 2021 duais Turner Emma Campbell agus Stephen Millar ón Array Collective; an gníomhaí Gaeilge Linda Ervine; mar aon leis an Ollamh Alan Titley agus an tOllamh Phil Scraton. 

Foilsíodh an litir go hoifigiúil san Irish News inniu, Dé Máirt 5 Aibreán 2022 [tá an litir ceangailte thíos]. 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, urlabhra leis An Dream Dearg:

“Gealladh ré úr comhionannais dár bpobal mar chuid lárnach de Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Níor cuireadh an “gníomh diongbháilte” a gealladh don Ghaeilge sa chomhaontú sin i bhfeidhm riamh. Arís agus arís eile, chinn an DUP agus eile ár gcearta a shéanadh, a mhoilliú agus a dhiúltú amach is amach. Níor éirigh leo riamh pobal na Gaeilge a aithint mar chomh-shaoránaigh sa tsochaí seo. Is léiriú láidir eile í an litir seo ar thacaíocht an phobail ar son an fheachtais seo chun cearta teanga a bhaint amach. Tá an pobal tinn tuirseach den mhoilleadóireacht, de na geallúintí briste agus den teip leanúnach. Tá sé go hiomlán réasúnta do dhaoine a bheith ag súil go gcoinneodh rialtais a gcuid gealltanas agus go gcomhlíonfadh siad na gealltanais agus na dualgais sin, go háirithe nuair a dhéantar go poiblí iad. 

 Anois ní mór do Rialtas na Breataine beart a dhéanamh de réir briathair. Is comh-shínitheoirí iad ar na comhaontuithe uilig go dáta, agus i gcomhar le Rialtas na hÉireann, is iad a scríobh an reachtaíocht don Ghaeilge a foilsíodh sa chomhaontú  Ré Nua Cur Chuige Nua. Aithnítear an reachtaíocht sin mar bhunchloch lárnach de chuid an chomhaontaithe sin. Seasann an cheist seo mar scrúdú litmis práinneach do Rialtas na Breataine agus dár gcuid institiúidí polaitiúla agus muid ag tarraingt ar thoghchán Tionóil an mhí seo chugainn. Tá sé thar am reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm láithreach gan a thuilleadh moille.” 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.