Géarchéim roimh thionscadal na gColaistí Samhraidh agus baol go bhfuil tubaiste in ann don earnáil

Géarchéim roimh thionscadal na gColaistí Samhraidh agus baol go bhfuil tubaiste in ann don earnáil

Some Gaeltacht summer courses cancelled for third year running - Galway  Daily

Léiríonn na figiúirí atá ag teacht chun cinn ón suirbhé atá idir lámha ag CONCOS, eagraíocht ionadaíoch na gColáistí Samhraidh, go bhfuil géarchéim roimh thionscadal na gColaistí Samhraidh agus baol ann go bhfuil tubaiste in ann don earnáil.

Léiriú mór eile den ghéarchéim é cinneadh Coláiste na bhFiann a chuid Cúrsaí Samhraidh Ghaeltachta ar fad a chur ar ceal don samhradh seo romhainn, de bharr bhaol Covid. Tá Coláiste na bhFiann ar cheann de na heagraíochtaí is mó sa tír atá i mbun Choláistí Samhraidh a eagrú.

Cheana féin bhí méid na géarchéime léirithe sna figiúirí atá ag teacht chun cinn ó shuirbhé atá idir lámha ag CONCOS, eagraíocht ionadaíoch na gColáistí Samhraidh, ar líon na dtithe sa Ghaeltacht a bheidh ag glacadh le mic léinn feasta.

Sna réamhfhigiúirí ó shuirbhé CONCOS léirítear go bhfuil titim breis is 1,000 leaba ar fáil bunaithe ar an titim i líon na mná tí atá sásta daltaí a ghlacadh don samhradh seo romhainn. Nuair a thógtar san áireamh an líon cúrsaí a ghlacann mna tí le daltaí uathu, d’fhéadfadh gar go 3,000 níos lú daltaí a bheith ag freastail ar an ghaeltacht an samhradh seo.

Deir Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach, Meitheal Gaeltachta  Chonradh na Gaeilge:

 “Tá tábhacht thar na bearta ag baint le hearnáil na gColáistí Samhraidh agus ról faoi leith ag na Coláistí ó bunaíodh i dtús báire iad mar Choláistí chun múinteoirí Gaeilge  a oiliúint. Ar ndóigh le blianta fada anuas anois tá na Coláistí dírithe ar mhic léinn dara leibhéal agus ról lárnach acu maidir le cumasú na mac léinn seo i leith na Gaeilge, iad a spreagadh i dtreo na Gaeilge agus chun tábhacht na Gaeilge mar chuid dár bhféiniúlacht a léiriú dóibh.

Tá ról na gColáistí mar chuid d’infreastruchtúr na Gaeltachta ríshoiléir agus é le feiceáil sa taighde a léirigh go raibh luach 50 milliún euro sa bhliain ag baint leis an earnáil seo d’eacnamaíocht na Gaeltachta. Is fiú a mheabhrú gur tacaíocht leanúnach inmharthanachta a bhíodh i gceist leis an maoiniú seo, maoiniú a lean bliain i ndiaidh bliana agus a raibh bunaithe ar an teanga, acmhainn nádúrtha phobal na Gaeltachta. Is fiú a mheabhrú freisin go mbaineann réimse leathan  de phobal na Gaeltachta leas as an infheistíocht a thagann ón earnáil, idir múinteoirí, cinnirí, lucht gnó, bialann ‘srl.

Níl amhras áfach ach gurbh iad na mná agus fír tí crann taca earnáil na gColáistí, maidir le seachadadh na teanga agus maidir leis an ról lárnach atá acu san earnáil trí chéile. Is iad na tithe agus na teaghlaigh áitiúla cnámhdhroma an eispéiris thumoideachais Ghaeltachta. Is léir go bhfuil géarchéim anois ann maidir le dóthain mná agus fír tí a bheith ar fáil chun freastal ar an éileamh agus caithfear aghaidh a thabhairt ar seo ar bhun práinne.”

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha:

“Tá géarchéim buailte linn maidir le ceist na mná agus fír tí in earnáil na gColáistí Samhraidh, géarchéim atá imithe in olcas de bharr Covid, ach géarchéim a bhí ag teacht chun cinn pé scéal é le roinnt blianta roimhe sin. Baineann an ghéarchéim seo le réimsí eile den earnáil chomh maith.

Tá sé riachtanach anois go dtabharfaí faoin ngéarchéim seo agus go dtabharfaí aghaidh láithreach ar gach gné a imríonn tionchar ar an earnáil. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Catherine Martin, Aire na Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus ar Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta agus Príomhaoire an Rialtais, mar a rinneamar siar i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2020, go gcuirfear Meitheal Oibre le chéile chun an bealach chun cinn a mheas agus straitéisí éagsúla a ullmhú chun díriú ar thodhchaí na hearnála, ceist na mban tí san áireamh.”

Ní mór go mbeadh an Mheitheal seo comhdhéanta de na páirtithe leasmhara atá ag plé lena Coláistí Samhraidh, ina measc: An Roinn Oideachais, Comhlachas na gComharchumann Ghaeltachta, CONCOS, Conradh na Gaeilge, Ionadaithe ó na Coistí Pleanáil Teanga, Ionadaithe ón lucht gnó sa Ghaeltacht, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.

Ar na ceisteanna ar gá díriú air tá:

  • Taighde a dhéanamh chun na fadhbanna / dúshláin ghearrthéarma (2022), meántéarma (2023-2025)  agus fadtéarma a aithint (2026-2032);
  • Moltaí eatramhach do shamhradh 2022 agus moltaí ó 2023 go 2032 ar aghaidh ag éirí as an taighde a ullmhú;
  • Na céimeanna ar gá a ghlacadh chun mná tí a choinneáil san earnáil agus mná agus fír tí nua a mhealladh. San áireamh anseo ní mór go mbeadh eolas soiléir ar fáil faoina tacaíochtaí atá ar fáil do mhná tí, go háirithe do theaghlaigh atá ag iarraidh tosú ag glacadh le mic léinn;
  • Na tacaíochta atá de dhíth do Choláistí beaga chun cur ar a gcumas leanúint ar aghaidh I mbun na gColáistí sin;
  • Forbairtí breise don earnáil a aithint, mar shampla, go mbeidh deis ag gach dalta iar-bhunscoile freastal ar Choláiste Samhraidh ar a laghad uair amháin ina s(h)aol.
  • Deis chun cúrsaí breise a eagrú i rith na bliana;
  • Na deiseanna chun cúrsaí a eagrú do ghrúpaí eile seachas mic léinn iar-bhunscoile, mar shampla cúrsaí forbartha scileanna Gaeilge do dhaoine sa státchóras;
  • Mura dtugtar faoina ceisteanna seo anois is léir go bhfuil tubaiste in ann d’earnáil na gColáistí Samhraidh.

CRÍOCH

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge