Tuilleadh bréag, teipe agus moilleadóireachta ó Rialtas na Breataine maidir le hAcht Gaeilge ó thuaidh blianta i ndiaidh comhaontuithe idirnáisiúnta

 

Díomá mhór ar Chonradh na Gaeilge ach iad gan iontas go mbriseann Rialtas na Breataine geallúint shoiléir ar chearta teanga arís

 

Irish language campaigners at Stormont (Liam McBurney/PA)

Tá cáineadh láidir déanta ag Conradh na Gaeilge ar Rialtas na Breataine tar éis dóibh cúlú óna gcoimitmint reachtaíocht Ghaeilge Ré Nua Cur Chuige Nua a achtú ag Westminster roimh dheireadh mhandáid an Tionóil. Tháinig deireadh leis an mhandáid sin thar dheireadh na seachtaine, agus d’ainneoin gur dhearbhaigh an NIO go raibh dréacht na reachtaíochta iomlán réidh agus gur easpa ama parlaiminte a ba chúis leis an mhoill, dhearbhaigh litir a scríobh Aire an NIO, Conor Burns MP, chuig Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Thuaisceart Éireann, Simon Hoare MP, nach mbeadh an reachtaíocht á rith ar an taobh seo de thoghchán Stormont: “De bharr bhrúnna ar chlár ama na parlaiminte, reachtaíocht agus cúrsaí san Úcráin san áireamh, ar an drochuair, ní rabhthas in ann é seo a dhéanamh” (Aire Conor Burns MP). Is féidir teacht ar an litir anseo: 

https://committees.parliament.uk/publications/9434/documents/161276/default/ 

Dhearbhaigh Rúnaí Stáit na Breataine Brandon Lewis MP an scéal arís inniu, Luan 28 Márta, ag an Choiste um Ghnóthaí TÉ.

Creideann Conradh na Gaeilge go raibh go leor ama agus deiseanna ag Rialtas na Breataine an reachtaíocht seo a rith ó thug Státrúnaí na Breataine, Brandon Lewis, an choimitmint i mí an Mheithimh 2021, agus gurb easpa tola polaitiúla, seachas easpa ama, is cúis leis an mhoill leanúnach. 

Deir Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ó bhuail muid le Brandon Lewis an Samhradh seo caite, níor chuala muid aon rud ón dá Aire de chuid an NIO, a mhalairt ón mhéid a gheall siad dúinn. Ní raibh Rialtas na Breataine fiú in ann uasdátú fiúntach a thabhairt go díreach dár bpobal ar an chinneadh is déanaí an reachtaíocht seo a chur siar arís agus cuireann seo an tarcaisne i gceann na héagóra. Ná bíodh aon dabht ann, bhí beagnach 6 mhí ag Rialtas na Breataine chun an reachtaíocht seo a rith sular tháinig deireadh leis an mhandáid seo, agus chaill siad gach spriocdháta a leagadh amach. Má thosaíonn tú ag déanamh cuntais ó Chomhaontú Chill Rímhinn, bhí níos mó ná 16 bliain acu chun é seo a dhéanamh. Ag gach pointe, ghlac siad an cinneadh gan tosaíocht a thabhairt don reachtaíocht, nó chun moill bhreise a chur ar mhaithe lena gclár polaitiúil féin. Níl iontas orainn. Dúirt muid leo arís agus arís eile go dtiocfadh an cheist aníos arís i rith an fheachtais toghchánaíochta agus go mbeadh sí fós mar chroícheist gan réiteach. Lean siad ar aghaidh lena gcur chuige féin gan ghlacadh leis an chomhairle sin. Leanfaidh ár bpobal ar aghaidh ag eagrú agus ag cinntiú go mbíonn an cheist seo chun tosaigh i rith an toghcháin agus le linn na hidirbheartaíochta chun Feidhmeannas úr a chur ar bun.”

Deir Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Tá dualgas orainn bheith ionraic agus macánta faoin mhéid atá ag dul ar aghaidh. Ná cuirimis fiacal ann. Is ionann an feall is déanaí ar chearta teanga ó Rialtas na Breataine agus masla millteanach ar phobal na Gaeilge a fhágann creidiúint an Rialtais seo i ndrocháit ar fad. Tá sé iomlán réasúnta agus dlisteanach bheith ag súil le go gcomhlíonfaidh rialtais dhaonlathacha a ngealltanais agus go gcloífidh siad lena spriocdhátaí féin. Tá droch-chlú ar Rialtas seo na Breataine i dtaobh na Gaeilge. Seasann siad le Péindlí atá beagnach 300 bliain ar an fhód a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, d’ainneoin go ndearnadh aisghairm ar achtanna den chinéal céanna sa Bhreatain Bheag agus in Albain blianta ó shin; agus déanann saineolaithe idirnáisiúnta cáineadh leanúnach orthu mar gheall ar a dteip chun oibleagaidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh faoi mar a dhaingnigh siad féin i gconarthaí agus cairteacha ina ndlí féin. Cuireadh agus rinneadh plé ar na céadta bille os comhair na parlaiminte sa tseisiún reatha idir 2021-22. Aontaíodh an bille seo faoi RNCCN agus deimhníodh go mbeadh sé á rith fríd ‘gluaiseacht bhrostaithe’, mar sin tá an leithscéal nach raibh go leor ama acu chun an reachtaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach thar a bheith mí-ionraic agus bréagach. Is gá do Rialtas na hÉireann, mar chomh-shínitheoirí ar na comhaontuithe seo ar fad, a nguth a ardú go práinneach. ”

“Beidh muid anois ag obair sna seachtainní amach romhainn chun coimitmintí úra a fháil ó na páirtithe áitiúla maidir le hAcht Gaeilge, straitéis Ghaeilge agus forbairt na Gaelscolaíochta mar chuid dá bhforógraí do thoghchán an Tionóil.”

CRÍOCH

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge