Skip to main content

Seoladh Leabhar le Des Bishop & Kíla ins An Siopa Leabhar

Beidh idir cheol, ghreann agus gháire ins An Siopa Leabhar nuair a sheolann Des Bishop an leabhar úr Our Fada le Rossa Ó Snodaigh agus Míchéal Ó Domhnaill, agus Leabhar Foinn le Kíla ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ag 7.30in Déardaoin, 24 Bealtaine 2012.

Is fuirseoir iomráiteach idirnáisiúnta é Des agus tá a rian fágtha ag Bishop ar shaol na Gaeilge sna sála ar an tsraith teilifíse In the Name of the Fada a rinne sé do RTÉ, áit inar fhoghlaim sé Gaeilge trí bhliain a chaitheamh ina chónaí i nGaeltacht Chonamara.

I dteannta Des, beidh an sárghrúpa Kíla féin i láthair ag an seoladh speisialta seo chun píosa ceoil a sheinm don slua ins An Siopa Leabhar ar an 24 Bealtaine freisin, agus cuirfear sólaistí chomh maith le greann ar fáil don lucht freastail.

Arsa Daragh Ó Tuama, Bainisteoir, An Siopa Leabhar: "Is oíche ar leith a bheidh sa seoladh den dá leabhar Our Fada agus Leabhar Foinn - Kíla - Book of Tunes an Déardaoin bheag seo, ó is é an chéad mhórócáid i sraith úr d'imeachtaí dá leithéid a bheidh á reáchtáil ins An Siopa Leabhar agus ina mbeidh an ceol, an greann agus an litríocht á shníomh le chéile.

"Tá súil againn pobal Átha Cliath a ghríosú chun léitheoireachta i nGaeilge, agus a spreagadh chun siopadóireachta ar-líne ag www.cnag.ie/siopa agus ins An Siopa Leabhar féin, an siopa earraí Gaeilge is fadbhunaithe agus is fearr sa phríomhchathair!"

Léiríonn an leabhar Our Fada conas a athraíonn brí focal i nGaeilge má bhíonn fada ar bharr nó fada ar lár. 3,000 focal ar fad atá sa saothar le Rossa agus Mícheál, ag léiriú an difríocht atá idir Éire agus Eire, cráic agus craic, cáca agus caca, agus go leor eile.

Tá breis agus 100 fonn úr ar fáil sa bhailiúchán Leabhar Foinn Kíla, saothar atá sármhaisithe le grianghrafanna nua agus filíocht de chuid an ghrúpa thraidisiúnta, agus beidh baill an bhanna ar fáil leis an saothar a shíniú idir amhráin ar an oíche.

Ní hamháin go mbeidh teacht ar an dá leabhar úra seo ins An Siopa Leabhar ag 6 Sráid Fhearchair féin, ach is féidir le léitheoirí agus le ceoltóirí ar fud na cruinne na leabhair seo agus go leor eile a cheannach ar-líne trí shuíomh nua an tSiopa ag www.cnag.ie/siopa.

Tá earraí Gaeilge a shásódh Gaeilgeoirí de gach cumas agus gach aoisghrúpa ar fáil le hordú ar-líne tríd An Siopa Leabhar ag www.cnag.ie/siopa anois, réimse leathan leabhar, cluichí boird, dlúthdhioscaí, bréagáin, béiríní BábógBaby, DVDanna, agus eile ina measc.

TUILLEADH EOLAIS & ORDUITHE:

Daragh Ó Tuama
Bainisteoir, An Siopa Leabhar
087 2302101 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cillian de Búrca
Cúntóir, An Siopa Leabhar
01 4783814 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar anois freisin: www.cnag.ie/siopa

Am Oscailte: Luan - Satharn 09.30 - 17.30

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.