Tá an eagraíocht i mbun feachtais feasachta ó dheas agus ag scaipeadh eolais ar trí bhealach le teacht ar fhoirm Dhaonáirimh as Gaeilge
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tá Daonáireamh 2022 ag teacht agus ba mhaith linn go mbeidh feasacht ar an bpobal gur féidir foirm as Gaeilge a fháil don daonáireamh. Is féidir ceist a chur ar an áiritheoir nuair a thagann siad chuig an doras nó más fearr leat foirm Ghaeilge a lorg roimh ré is féidir ríomhphost a sheoladh chuig
Bíonn an Conradh i gcónaí ag moladh do dhaoine úsáid a bhaint as seirbhísí stáit atá ar fáil trí Ghaeilge agus seo deis iontach leis sin a dhéanamh.”
Dúirt Aodhán Ó Deá, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Ná bí buartha má tá foirm i mBéarla faighte agat cheana féin. Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh in iúl dúinn gur féidir teagmháil a dhéanamh leo ag
CRÍOCH
TUILLEADH EOLAIS:
Aodhán Ó Deá
Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge
086 3102691
Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge
086 8142757
EOLAS DON EAGARTHÓIR:
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893.