Skip to main content

An Conradh ag moladh do dhaoine le Gaeilge foirm dhaonáireamh as Gaeilge a lorg do Dhaonáireamh 2022

Tá an eagraíocht i mbun feachtais feasachta ó dheas agus ag scaipeadh eolais ar trí bhealach le teacht ar fhoirm Dhaonáirimh as Gaeilge 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Tá Daonáireamh 2022 ag teacht agus ba mhaith linn go mbeidh feasacht ar an bpobal gur féidir foirm as Gaeilge a fháil don daonáireamh. Is féidir ceist a chur ar an áiritheoir nuair a thagann siad chuig an doras nó más fearr leat foirm Ghaeilge a lorg roimh ré is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. le do sheoladh baile nó Roghnaigh ‘Foirm Ghaeilge ag teastáil’ ag an deasc cabhrach. 

Bíonn an Conradh i gcónaí ag moladh do dhaoine úsáid a bhaint as seirbhísí stáit atá ar fáil trí Ghaeilge agus seo deis iontach leis sin a dhéanamh.”

Dúirt Aodhán Ó Deá, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge: 

“Ná bí buartha má tá foirm i mBéarla faighte agat cheana féin. Chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh in iúl dúinn gur féidir teagmháil a dhéanamh leo ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. agus malartófar an fhoirm duit. Chomh maith leis sin, táimid ag moladh gan a bheith buartha faoin téarmaíocht Ghaeilge ar an bhfoirm daonáireamh, tá cóipeanna de na ceisteanna as Béarla ar fáil ar suíomh An Príomh-Oifig Staidrimh más gá aon téarmaíocht a chinntiú.”

 

CRÍOCH

 

TUILLEADH EOLAIS:

Aodhán Ó Deá

Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

086 3102691

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

086 8142757

 

 

EOLAS DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. 

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.