Skip to main content

“Ciste Spreagtha” de €150,000 fógartha le splanc a chur in imeachtaí Gaeilge sa phobal agus srianta na paindéime laghdaithe

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia i mbun an chiste seo a riaradh, le leanúint len a cheiliúradh ar 120 Bliain den fhéile i 2022, agus tá an Ciste Spreagtha maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit Jack Chambers agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as maoiniú fial a chur ar fáil do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt d’úsáid na Gaeilge sa phobal i ndiaidh cúpla bliain deacair toisc na paindéime. Tabharfaidh an ciste seo spreagadh do ghrúpaí pobal laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht le himeachtaí sa phobal a eagrú arís agus na srianta a bhaineann leis an bpaindéim laghdaithe go mór mór. Beidh deis iontach ag grúpaí i rith Seachtain na Gaeilge le Energia 2022, agus í a ag ceiliúradh 120 bliain ar an saol, le cur isteach ar mhaoiniú chun imeacht mór a eagrú ina bpobal.”

 

Dúirt an tAire Stáit agus Príomhaoire an Rialtais, Jack Chambers, TD:

“Tá an-áthas ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an maoiniú seo a chur ar fáil do Sheachtain na Gaeilge le Energia le spreagadh a thabhairt sa phobal arís d’imeachtaí Gaeilge agus le daoine nua a mhealladh leis an teanga a bhlaiseadh i rith Sheachtain na Gaeilge agus sna seachtainí agus sna míonna beaga os ár gcomhair. Tuigim go bhfuil an phaindéim tar éis a bheith dúshlánach ach tá deis againn anois breathnú ar aghaidh agus clár spraíúil agus leathan a chur ar fáil don phobal agus an Ghaeilge ina chroílár, agus ag an am céanna, ceiliúradh a dhéanamh ar 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge.”

 

Dúirt, Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: 

“Táimid ag súil go dtabharfaidh an Ciste Spreagtha splanc le daoine ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a mhealladh le freastail ar imeachtaí arís. Beidh béim faoi leith ann chomh maith le daoine a mhealladh nár ghlac páirt in imeachtaí ar líne i rith na paindéime toisc cúrsaí teicneolaíochta agus daoine eile ó chúlraí éagsúla nach mbíonn páirteach in imeachtaí Gaeilge go hiondúil. Is bealach iontach é an ciste tacaíochta seo freisin chun grúpaí a ghlacann páirt i Seachtain na Gaeilge le Energia a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag eagrú imeachtaí Gaeilge nó dátheangacha i ndiaidh na féile.”

 

Tá an Ciste Spreagtha ar oscailt do ghrúpaí pobail sna 26 contae ó dheas amháin agus is féidir iarratas a dhéanamh agus/nó breis sonraí a fháil ag an nasc: https://www.google.com/url?q=http://www.snag.ie/cs&source=gmail&ust=1646899314743000&usg=AOvVaw0yj-i2DHZmiJqvwvcCpuKD">www.snag.ie/cs. Is é Déardaoin, 31 Márta, ag 17.00 r.n. an spriocdháta le hiarratas a chur isteach. Is féidir iarratais a dhéanamh le haghaidh imeachtaí a bheidh ag tarlúint idir 1 Aibreán & 30 Meitheamh 2022. 

 

Bronnfar deontais de €1,000 ar na grúpaí a éiríonn leo maoiniú a bhaint amach ón gciste seo. Beidh clár imeachtaí faoi leith foilsithe leis na himeachtaí agus scaipfear sin ar an bpobal trí chéile.

Sa ghrianghraf: Aire Stáit & Príomhaoire an Rialtais, Jack Chambers, TD in éineacht le hOrlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Seachtain na Gaeilge le Energia & baill Pobal Gaeilge 15, Craobh Chonradh na Gaeilge i mBÁC 15 Aisling Denihan, Kevin Boushel & Máire Ní Laoi.

 
Tá tuilleadh eolais faoin scéim le feiceáil ag https://www.google.com/url?q=http://snag.ie/cs&source=gmail&ust=1646899314743000&usg=AOvVaw1CKhiwSaGISVtW9JtxLcDP">snag.ie/cs agus tá an fhoirm le feiceáil https://www.google.com/url?q=https://www.surveymonkey.com/r/9S7W9FT&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw2GUWGQqtP0NoCpozJmF0yU">anseo.

 

TUILLEADH EOLAIS:

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Feachtais Feasachta & Acmhainní Daonna, Conradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

085 7759639

 

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

086 8142757



EOLAS DON EAGARTHÓIR:

  • I 2021 chomhordaigh Seachtain na Gaeilge le Energia ciste de £150,000 le maoiniú ón Roinn Pobail ó thuaidh d’imeachtaí i rith Sheachtain na Gaeilge sna 6 chontae amháin. D’éirigh le 50 grúpa maoiniú a bhaint amach as an gciste sin.

  • Is í féile de chuid Chonradh na Gaeilge í ‘Seachtain na Gaeilge le Energia’ agus déanann an eagraíocht comhordú ar an bhféile ó a bunaíodh í i 1902. Faigheann an Conradh maoiniú ó Fhoras na Gaeilge le cabhrú leo an fhéile a eagrú.

  • Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idirhttps://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/courses&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw0mPizjTMSZwT0W8iHaF7VH"> ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta;https://www.google.com/url?q=http://www.snag.ie/&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw1tVGaRTu4zlMq3AmxYigfE"> Seachtain na Gaeilge;https://www.google.com/url?q=http://www.peig.ie/&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw0QiesUCqoK_Pr-qquqLa4k"> PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge;https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/siopa&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw2aHVsLbFdY0kzkiYDwF92t"> An Siopa Leabhar; thacaíocht dohttps://www.google.com/url?q=http://www.rrr.ie/&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw02QoB1n50uau1ETO4jcELk"> Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais:https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw1P4o-dWWafgNZ8u_y9o_ix"> https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/&source=gmail&ust=1646899314744000&usg=AOvVaw1P4o-dWWafgNZ8u_y9o_ix">www.cnag.ie

  • Tá an maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta

 
 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.