Skip to main content

1,000 duine óg le bheith páirteach i gceiliúradh na Gaeilge ar líne mar chuid de Lá na Meán Sóisialta agus na Teicneolaíochta

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia beidh an deis ag daoine óga páirt a ghlacadh i gceardlanna teicneolaíochta trí Ghaeilge agus caint sainspéise le beocht na teanga i gcúrsaí teicneolaíochta a cheiliúradh. 

 

Beidh ceardlanna TikTok, raidió agus códála ar siúl le linn an lae agus daltaí cláraithe dóibh ó Ghaeltacht Corcaí go Ceatharlach. Cuirfear Linda Keating, an bhean a chuir tús leis an leagan Gaeilge don chluiche iomráiteach Wordle, Foclach, ar bun, faoi agallamh agus beidh deis ag daoine breathnú ar an sruthú ón gcaint beo ar líne ar chuntas Youtube Seachtain na Gaeilge le Energia. 

 

Deir Paula Melvin, Uachtarán Conradh na Gaeilge: 

“Tá sé an-tábhachtach úsáid na Gaeilge sa teicneolaíocht a cheiliúradh le linn Seachtain na Gaeilge le Energia. Is iontach an rud é go bhfuil Linda Keating againn inniu le labhairt faoi Foclach ar Lá na Méan Sóisialta agus na Teicneolaíochta atá ag tarlúint ar Lá idirnáisiúnta na mBan i mbliana. Tá sé tábhachtach ról na mban i bhforbairtí na teanga a cheiliúradh agus is mór an phribhléid dúinn go bhfuil Linda ar fáil le bheith páirteach sa lá.” 



Deir Séaghan Ó Súilleabháin, Ambasadóir Seachtain na Gaeilge le Energia: 

“Tá níos mó deiseanna ná riamh ag daoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta agus feicim sin gach aon lá orthu. Mar chruthaitheoir le Gaeilge mé fhéin, tá sé tábhachtach domsa go mbíonn an Ghaeilge á cur chun cinn agam i mbealaí éagsúla. An sprioc atá agamsa ná an Ghaeilge a bheith in úsáid go forleathan ar na meáin shóisialta agus leis an teicneolaíocht.” 

 

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia 120 bliain don fhéile i mbliana agus í mar an fhéile Ghaeilge is mó ar domhain. 

 

Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile le feiceáil ar PEIG.ie. Do dhaoine atá ag lorg acmhainní ar nós tráth na gceist, cluichí nó póstaeir, is féidir iad a fháil ó shuíomh na féile, https://www.google.com/url?q=http://snag.ie&source=gmail&ust=1646818850196000&usg=AOvVaw3tyKInmLU5JV2I84wwiXr6">snag.ie. 

 

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. 

 

CRÍOCH

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie&source=gmail&ust=1646818850196000&usg=AOvVaw2SsCtmEIyXaQlb-2P24ILp">www.cnag.ie



Teagmháil:

 

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir Acmhainní Daonna, 

Seachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta 

 +353 (0)85 7758639 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Clíodhna Ní Dhufaigh

Feidhmeannach Seachtain na Gaeilge & Acmhainní Daonna

+353 (0)86 2081946 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.