Skip to main content

Paula Melvin tofa mar Uachtarán úr ar Chonradh na Gaeilge ag an Ard-Fheis i nGaillimh; deireadh le ré 5 bliana Niall Comer agus buíochas mór gafa leis An chéad Uachtarán mná tofa mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1994-5.

Tá Paula Melvin tofa mar Uachtarán nua ar Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Chuan na Gaillimhe inniu, Satharn 25 Feabhra 2022. Ag an am céanna tháinig deireadh le seal Uachtaránachta an Dr Niall Comer, a chaith 5 bliana mar Uachtarán ar an gConradh. 

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán nua-tofa Chonradh na Gaeilge:

 

“Is onóir mo shaoil é, a bheith tofa mar Uachtáran Chonradh na Gaeilge. I measc na mór-spriocanna atá agam don bhliain atá amach romhainn tá an Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Tithíochta. Is gá sin a bhaint amach don Ghaeltacht gan a thuilleadh moille agus an feachtas sin a bhrú ar aghaidh go mór, le cinntiú go mbeidh pobal na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantar féin trína dteanga féin.

 

Chomh maith leis sin, leanfaidh mé leis an troid ar son Acht Gaeilge agus Straitéis Ghaeilge a bhaint amach ó thuaidh. Déanfar cinnte de, go guirfear na forálacha ar fad a baineadh amach le linn Uachtarántacht Niall Comer, maidir le hAcht na dTeanagacha Oifigiúla i bhfeidhm de reir mar atá geallta. Anuas air sin, caithfear a chinntiú go mbainfear an úsáid is fearr as an stádas breise don teanga san Aontas Eorpach ó thús 2022 chomh maith. Tá go leor le déanamh againn, ach tá mé ag súil go mór leis. 

 

Le linn mo thréimhse Uachtarántachta, tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt ar an oiread craobhacha agus gur féidir liom. Bhí dhá bhliain an-dúshlánach ag na craobhacha, agus againn ar fad. Is iad na craobhacha croí agus anam an Chonartha. Ba mhaith liom tacú go mór leo san am atá amach romhainn.

 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Dr Niall Comer as ucht na sároibre ar fad atá déanta aige le 5 bliana anuas.”

 

Chomh maith leis sin ag an Ard-Fheis ritheadh breis agus 30 rún maidir le polasaithe Gaeilge, Gaeltachta agus eagraíochta. Tá teacht ar liosta iomlán na rún agus an dóigh ar éirigh le gach ceann acu anseo: 

https://www.google.com/url?q=https://twitter.com/cnag/status/1497498998411722752?s%3D21&source=gmail&ust=1646126713553000&usg=AOvVaw39392-HoM_Ry5DfZRV85C8">https://twitter.com/cnag/status/1497498998411722752?s=21 

 

Anocht, Satharn 25 Feabhra, bronnfar Gradam an Uachtaráin de chuid Chonradh na Gaeilge ar Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, le linn Dhinnéar na hArd-Fheise. Tabharfaidh Uachtarán Ó hUiginn óráid speisialta do theachtaí agus d’aíonna na hArd-Fheise maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. 



BREIS EOLAIS:
Julian de Spáinn, Ardrúnaí 

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401

6 Sráid Fhearchair, BÁC2 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

Twitter: @cnag 

 

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-Ardrúnaí 

+353 87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide,

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is féidir teacht ar liosta iomlán na nUachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge anseo: https://www.google.com/url?q=https://cnag.ie/ga/eolas/conradh-na-gaeilge/c%25C3%25A9-h%25C3%25A9-uachtar%25C3%25A1n-chonradh-na-gaeilge.html&source=gmail&ust=1646126713553000&usg=AOvVaw34YsPyvzFf7qM5dHCjZVFN">https://cnag.ie/ga/eolas/conradh-na-gaeilge/c%C3%A9-h%C3%A9-uachtar%C3%A1n-chonradh-na-gaeilge.html 

 

Tá Paula Melvin ina Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge ó thogh baill an Choiste Gnó í in 2017. Is iontaobhaí í ó bhí 2014 ann agus is Cathaoirleach í ar Fhochoiste Forbartha na heagraíochta. Ag an leibhéal áitiúil, is comhbhunaitheoir agus Cathaoirleach í Paula ar chraobh Phobal Gaeilge 15 ina ceantar dúchais i dtuaisceart Átha Cliath. Bhí baint ag Pobal Gaeilge 15 le bunú Coláiste na Tulchann agus tá cuid de na himeachtaí is mó ar domhan le linn Seachtain na Gaeilge eagraithe acu. 

 

Is ball í de choiste stiúrtha Ógras, de choiste ilchinealachta an Chonartha, de bhord an tsiopa leabhar agus den bhuanchoiste. Déanann Paula freastail ar chruinnithe de Mheitheal Gaeltachta an Chonartha chomh maith. Ba leas-rúnaí í ar chraobh na Gaeil Óga CLG agus ba láithreoir le Raidió na Life í. Bhí sí ina ball de Choiste na Gaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall. Is ball bunaidh í den fheachtas Twitter #TrasnaNadTonnta a chruthaíonn Gaeltacht fhíorúil. Toghadh Paula mar Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus ba chathaoirleach í ar Chumann Gaelach an choláiste sin í freisin.Tá Paula fostaithe mar Chlárbhainisteoir ag Coimisiún Fulbright na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil.  

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie&source=gmail&ust=1646126713553000&usg=AOvVaw1oLXjCzGCsuS-KVbz3de2y">www.cnag.ie

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.