Skip to main content

120 Bliain den fhéile Ghaeilge is mó ar domhan á ceiliúradh

Ainmníodh Sene Naoupu, Cormac Ó hEadhra agus Séaghan Ó Súilleabháin mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge le Energia 2022. 

 

Reáchtáileadh Seachtain na Gaeilge don chéad uair in 1902 agus i mbliana tá lucht eagraithe na féile ag súil le scoth na n-imeachtaí ar fud an oileáin agus ar fud an domhain le linn na féile. 

 

Is as Conamara ó dhúchas do Chormac Ó hEadhra, láithreoir raidió le RTÉ Raidió a hAon, in éineacht leis beidh an t-imreoir rugbaí clúiteach Sene Naoupu agus cruthaitheoir TikTok @KerryCowboy, Séaghan Ó Súilleabháin, mar ambasadóirí na bliana seo do Sheachtain na Gaeilge le Energia.

 

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge:

“Táimid ag súil le 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge a cheiliúradh i mbliana. Tá an fhéile ag dul ó neart go neart agus táim cinnte go spreagfaidh ceiliúradh na bliana seo níos mó grúpaí fós chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh is mó ar an nGaeilge ar domhan.”

 

Agus 120 bliain á gceiliúradh acu, tá foireann na féile ag súil go gcinnfidh daoine nár ghlac páirt san fhéile sna blianta roimhe seo traidisiún nua a dhéanamh de páirt a ghlacadh i Sheachtain na Gaeilge le Energia, ó 2022 ar aghaidh.

 

Dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

“Tá lúcháir orainn ambasadóirí iontacha den sórt sin a bheith againn i mbliana. Tá a gcuid scéalta féin ag Sene, Cormac agus Séaghan leis an nGaeilge agus tá súil againn go meallfaidh siad daoine ó chúlraí éagsúla chun páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge le Energia agus roinnt Gaeilge a labhairt, a dtraidisiún nua i mbliana.”

 

Deir Lorna Danaher, Bainisteoir Urraíochta le Energia: 

‘Is ócáid thar a bheith tábhachtach é comóradh 120 bliain de Sheachtain na Gaeilge agus tá lúcháir orainn in Energia a bheith mar an cumhacht a taobh thiar den fhéile arís i mbliana. Is é ‘Traidisiún Nua’ atá mar théama ag an bhféile i mbliana agus tá sin á léiriú go foirfe ag ár 3 ambasadóir iontach, Sene, Cormac agus Séaghan. Táimid ag tnúth go mór le himeachtaí na bliana seo agus súil le go leor daoine a bheith páirteach linn!” 



Beidh seoladh pobail Seachtain na Gaeilge le Energia i gCathair na Gaillimhe, Dé Sathairn 26 Feabhra 2022 ag 14:00 in ionad siopadóireachta ar an bhFaiche Mhór, áit a mbeidh Seo Linn ag seinm ann.



Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. Le tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile téigh go https://www.google.com/url?q=http://snag.ie&source=gmail&ust=1645176563774000&usg=AOvVaw39bNFrGToK7m4ILOG3zKaH">snag.ie. 

 

CRÍOCH

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie&source=gmail&ust=1645176563774000&usg=AOvVaw0XoMktvwLO-HOCFtuVZZs3">www.cnag.ie



Teagmháil:

 

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir Acmhainní Daonna, 

Seachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta 

 +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.