Skip to main content

“Dréacht tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta maidir le cosaint an iltaobhachais” An chéad leasú i nGaeilge ar reachtaíocht i bParlaimint na hEorpa mollta ag an mBall Pharlaiminte Seán Kelly.

Ag baint leasa as an stádas breise atá ag an nGaeilge mar theanga iomlán oibre de chuid an Aontais Eorpaigh tá leasú i nGaeilge molta ag an mBall Pharlaiminte Seán Kelly ar phíosa reachtaíochta Eorpach. Is é seo an chéad uair ar baineadh feidhm as stádas nua na Gaeilge chun leasú a mholadh ar reachtaíocht atá á phlé ag an bParlaimint. Baineann an leasú féin leis an dréacht tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta maidir le cosaint an iltaobhachais.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 “Tréaslaíonn Conradh na Gaeilge leis an Bhall Pharlaiminte Seán Kelly as an deis a ghlacadh leas a bhaint as an stádas breise atá ag an Ghaeilge san AE agus feidhm phraiticiúil a thabhairt don stádas sin. Is an-léiriú é seo ar thoradh an fheachtais a throid pobal na Gaeilge chun aitheantas iomlán don Ghaeilge a bhaint amach san AE. Is léiriú é freisin go bhfuil áit anois ag an Ghaeilge san Eoraip agus í ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh. Tá súil anois ag Conradh na Gaeilge go mbainfidh níos mó de Bhaill Pharlaiminte na hÉireann leas as an Ghaeilge agus reachtaíocht á cur chun cinn acu i bParlaimint na hEorpa. Tá súil againn freisin go gcuirfear leis an mhéid Gaeilge a bheidh á labhairt ag na Baill i bParlaimint na hEorpa agus sna Coistí Oibre."

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge: 

“Tá fíorthábhacht le húsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, go háirithe i gcomhthéacs stádas nua na Gaeilge. Is í an Pharlaimint aghaidh phoiblí an Aontais agus an fóram ina mbailíonn ionadaithe tofa na mballstát ar fad. Tá sé tábhachtach go mbeadh ceannasaíocht i leith na teanga á léiriú ag ár n-ionadaithe poiblí agus go mbeadh an Ghaeilge á húsáid acu. Go dtí seo bhí siad taobh le labhairt na Gaeilge sa Pharlaimint amháin ach anois beidh deis acu í a labhairt sna cruinnithe coistí agus, mar atá déanta ag Seán Kelly, í a úsáid agus reachtaíocht ag dul tríd an Pharlaimint.

"Tá sé íorónta áfach gur mó stádas atá ag an nGaeilge anois i bParlaimint na hEorpa nó mar atá aici i nDáil Éireann, gan trácht ar an bhFeidhmeannas ó Thuaidh. Caithfidh Rialtas na hÉireann gníomhú gan mhoill chun é seo a chur ina cheart.”

 TEAGMHÁIL

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-Ardrúnaí 

+353 87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Julian de Spáinn

Ardrúnaí 

+353 86 8142757 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idirhttps://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/courses&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw2bsDXOVYRVzGhowb1doDYP"> ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta;https://www.google.com/url?q=http://www.snag.ie/&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw2JHC2B_7Kenk1uMeBjCy8D"> Seachtain na Gaeilge;https://www.google.com/url?q=http://www.peig.ie/&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw24-ytVEZry5xjTccQsUNGK"> PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge;https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/siopa&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw1wTiLQM2QgCkoJywtdeJjf"> An Siopa Leabhar; thacaíocht dohttps://www.google.com/url?q=http://www.rrr.ie/&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw0Ijgj430YJFcvWu_kmbJ7f"> Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais:https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw1JDf8T0yIsUcsz_sn0vemR"> https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie/&source=gmail&ust=1643383079664000&usg=AOvVaw1JDf8T0yIsUcsz_sn0vemR">www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.