Skip to main content

Ár dTeanga, Do Rogha! Arsa Aontas Phobal na Gaeilge Le 12,000 Scoláire

Reáchtálfaidh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) na ceardlanna feasachta is spreagúla dá chuid go dtí seo le cinnirí agus scoláirí choláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo, dá misniú agus dá gcumasú chun an Ghaeilge a roghnú, a úsáid agus a spreagadh gach lá mar chuid den fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha sna coláistí Gaeilge.

Arsa Aodhán Ó Deá, comhordaitheoir an tseó bhóthair Ár dTeanga, Do Rogha de chuid APG: "Thug an seó bóthair cuairt ar 50 cúrsa Gaeilge i gcaitheamh trí mhí an tsamhraidh seo caite amháin, áit gur labhair foireann spreagúil Chonradh an Gaeilge le níos mó ná 12,000 duine óg maidir lena gcearta teanga agus deiseanna úsáide na Gaeilge lasmuigh den seomra ranga. Tá sí mar aidhm againn labhairt le fiú níos mó daoine óga arís i mbliana, idir chinnirí agus scoláirí, chun iad a mhisniú agus a chumasú le seirbhís Ghaeilge a lorg ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha i gcónaí - is í ár dteanga í an Ghaeilge, is í do rogha-sa í a labhairt."

Is camchuairt spreagúil feasachta de chuid APG é Ár dTeanga, Do Rogha, seó bóthair atá faoi stiúir Chonradh na Gaeilge, i gcomhpháirt le Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), agus a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus tá an feachtas ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile in Éirinn agus san Eoraip le cúig bliana anuas. Cuirtear in iúl do dhaoine óga gur féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; go bhfuil sé de cheart ag cách an leagan Gaeilge dá n-ainm a úsáid; agus gur féidir cáin ghluaisteáin agus dolaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge, mar shampla.

Ní hamháin go spreagann seó bóthair APG daoine óga chun machnamh faoi sheirbhísí oifigiúla a lorg ón stát trí Ghaeilge, ach cuireann Ár dTeanga, Do Rogha na scoláirí samhraidh ar an eolas faoi na háiseanna agus faoi na bealaí spraíúla gur féidir leo leas a bhaint as a gcuid Gaeilge lasmuigh den scoil. Míníonn Ó Deá: "Scaip Aontas Phobal na Gaeilge 30,000 Gaelchárta ar dhaoine óga ó thosaigh an seó bóthair an samhradh seo caite, cárta lascaine a chinntíonn go mbíonn praghas níos lú á íoc ag Gaeilgeoirí as an mbéile a cheannaíonn siad i gCaptain Americas, nó as an gcluiche ríomhaireachta a dhíolann siad as in GameStop, mar shampla. Léiríonn a leithéid den Ghaelchárta an Chonartha, nó d'Albam Rí-Rá le ceol comhaimseartha as Gaeilge air, gur féidir an Ghaeilge a úsáid i ngach gné den saol, gach lá, ach gur fúthusan atá sé an cinneadh sin a dhéanamh í a úsáid: Ár dTeanga, Do Rogha!"

Bíonn Conradh na Gaeilge ag cur pobal na Gaeilge ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa; faoi na seirbhísí a bhfuil siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; agus faoi na féidearthachtaí fostaíochta agus na deiseanna úsáide a bhaineann leis an teanga san Eoraip agus in Éirinn tríd Ár dTeanga, Do Rogha freisin.

Molann foireann an tseó bhóthair Ár dTeanga, Do Rogha do Ghaeilgeoirí glacadh leis go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar fáil dóibh gach uair go mbíonn seirbhís phoiblí nó phríobháideach á lorg acu; léirítear éileamh do sheirbhís Ghaeilge, fiú murab ann don tseirbhís sin go fóill. Má tá fadhb ar bith ag éinne agus seirbhís Ghaeilge á lorg acu, is féidir teagmháil a dhéanamh le seirbhís tacaíochta Chonradh na Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 475 7401.

Cuirfidh APG tús le camchuairt feasachta na gcoláistí samhraidh Dé Luain, 18 Meitheamh 2012, agus is féidir scéal a chur go Aodhán Ó Deá ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. más mian leat ceardlann chumasaithe a óstáil sa choláiste Gaeilge agat.

TUILLEADH EOLAIS:

Aodhán Ó Deá,
Comhordaitheoir na Mac Léinn.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 3102691

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 8142757

GRIANGHRAF INIATA:

ÁR dTEANGA, DO ROGHA! CONRADH NA GAEILGE @ SPLEODAR, ROS MUC

Foireann Chonradh na Gaeilge ag reáchtáil ceardlann spreagúil ar chearta teanga in Éirinn agus san Eoraip le cinnirí an chúrsa Spleodar i Ros Muc, Co. na Gaillimhe, mar chuid den seó bóthair Ár dTeanga, Do Rogha sna coláistí samhraidh anuraidh (15 Meitheamh 2011).

*TUILLEADH GRIANGHRAF AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. FREISIN*

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Comhaltas Uladh a thugtar ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gCo. Lú. Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud an limistéir sin. Is é príomhchuspóir an eagrais an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh. Cuidíonn Comhaltas Uladh le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae, agus déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin. Bíonn scoileanna samhraidh á reáchtáil i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt. Tugann Comhaltas deontas ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain. www.comhaltasuladh.com

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d'fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. www.snag.ie

Tá sí mar aidhm ag Comhar na Múinteoirí Gaeilge (CNMG) múineadh na Gaeilge a chur chun cinn agus ionad na Gaeilge sa chóras oideachais a fhorbairt; seirbhísí gairmiúla a sholáthar do mhúinteoirí ag gach leibhéal den chóras oideachais; an Ghaeilge a chur ar aghaidh leis na háiseanna agus leis na modhanna is éifeachtaí; comhoibriú chun leas mhúineadh na Gaeilge agus múineadh trí Ghaeilge a chothú; agus a bheith lánpháirteach le hinstitiúidí oideachais chun na leasuithe is gá a bheachtú agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuraclam nuair is gá. www.cnmg.ie

Is é Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) an t-aon chomhlacht ionadaíoch náisiúnta do mhic léinn in Éirinn. Bunaithe i 1959, déanann AMLÉ ionadaíocht thar cheann níos mó ná 250,000 mac léinn ó bhreis agus 40 coláiste ar fud na hÉireann sa lá atá inniu ann. www.usi.ie

Chuir An Roinn Gnóthaí Eachtracha cúnamh ar fáil d'fheachtas Ár dTeanga, Do Rogha de chuid Aontas Phobal na Gaeilge as an gciste An Eoraip A Chur in Iúl atá ann chun tacú le tionscadail a mhíníonn an tAontas Eorpach do mhuintir na hÉireann, a chabhraíonn le feabhas a chur ar chaighdeán na cumarsáide idir an Aontas agus a chuid saoránach, agus a dhéanann an nasc atá ag an tír seo leis an Eoraip a cheiliúradh. www.eumatters.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.