Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge don €10.5 milliún sa bhreis i gCáináisnéis 2022 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Ráiteas 12/10/2021

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge don €10.5 milliún sa bhreis i gCáináisnéis 2022 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

Ach ní leor an méid breise d’Údarás na Gaeltachta agus is léir go bhfuil fadhb shuntasach ann le maoiniú Fhoras na Gaeilge a gcaithfear dul i ngleic léi

 

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an €10.5 milliún sa bhreis fógartha inniu, ag an Rialtas ó dheas, sa cháinaisnéis d’eagraíochtaí agus do thionscadail Gaeilge agus Gaeltachta. Tá an méid airgid deimhnithe, áfach, níos lú ná an €23 milliún a lorg an eagraíocht agus feictear dúinn go bhfuil roinnt deiseanna caillte agus beidh roinnt bearnaí ann i 2022 dá bharr.

 

Dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Ba mhaith liom tréaslú le TG4 go háirithe as an €4.2 milliúin breise atá deimhnithe don stáisiúin don bhliain seo chugainn. Ta súil agam go gcuirfidh an maoiniú breise seo le cumas TG4 chun cláracha as Gaeilge a chur ar fáil don phobal. Bogann an maoiniú breise seo an stáisiún níos giorra don sprioc atá acu leis an mhaoiniú chéanna atá ag S4C sa Bhreatain Bheag a bheith acu agus tacaíonn muid leo maidir leis an éileamh sin.”

“Cuirim fáilte chomh maith roimh an airgead breise don phleanáil teanga sa phobal, rud a aithníonn an dea-obair atá ar siúl faoi láthair, agus don airgead breise a bheidh ann le cabhrú le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: 

“Cé go n-aithníonn muid an dul chun cinn déanta le dhá bhliain anuas leis an gcáinaisnéis, táimid den tuairim go bhfuil gá a thuilleadh maoinithe a chur ar fáil, go háirithe le fostaíocht sa Ghaeltacht a threisiú agus le Foras na Gaeilge a mhaoiniú i gceart. Is léir go bhfuil fadhb chórasach agus tromchúiseach ann le maoiniú an Fhorais nuair atá a chuid maoinithe níos lú fós ná a bhí acu 10 mbliana ó shin agus caithfear dul i ngleic leis seo roimh an gcéad cháinaisnéis eile. Níl an struchtúr tras-teorann ag tabhairt cothrom na Féinne do phobal na Gaeilge ó thaobh maoinithe de agus caithfear seo a réiteach. 

 

Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag cur éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun cinn le cothrom na Féinne a bhaint amach ó thaobh cúrsaí maoinithe.

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge