Feisirí traspháirtí ag éilimh d’aon ghuth ar Rúnaí Stáit na Breataine an Reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach faoi dheireadh na míosa mar a bhí geallta aige féin

Ráiteas Nuachta 26/10/2021

Feisirí traspháirtí ag éilimh d’aon ghuth ar Rúnaí Stáit na Breataine an Reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach faoi dheireadh na míosa mar a bhí geallta aige féin

Feisirí ó Pháirtí an Lucht Oibre, SNP, Plaid Cymru, Páirtí na Comhghuaillíochta, SDLP agus Sinn Féin ag seasamh le hionadaithe phobal na Gaeilge ag Westminster ar son chur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga

Inniu, Máirt 26 Deireadh Fómhair 2021, tháinig Feisirí traspháirtí le chéile le pobal na Gaeilge chun a dtacaíocht don reachtaíocht teanga a chur in iúl, faoi mar a bhí geallta sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua. 

Bhí sé mar bhunchloch aitheanta sa chomhaontú sin, Ré Nua Cur Chuige Nua (Eanáir 2020), go dtabharfadh na páirtithe agus / nó na Rialtais reachtaíocht Gaeilge isteach laistigh de 100 lá. Faoi 17 Meitheamh 2021 bhí spriocdháta úr tugtha ag Rúnaí Stáit na Breataine Brandon Lewis MP do lucht Chnoc an Anfa, an reachtaíocht a thabhairt isteach faoi Mheán Fómhair 2021 nó go dtabharfadh a Rialtas féin an reachtaíocht fríd Westminster i mí Dheireadh Fómhair 2021. (Féach The Irish News 17/6/21: https://bit.ly/3Gl8N9a ).

I láthair ag an ócáid thraspháirtí ag Westminster inniu bhí (Feisirí in ord Clé-Deas):

Colum Eastwood MP, SDLP, Claire Hannah MP, SDLP, Liz Saville-Roverts MP, Louise Haigh MP (Shadow SOS), Labour; Conor McGinn MP (Labour), Carol Monaghan MP, SNP; Plaid Cymru; John Finucane MP, Paul Maskey MP, Sinn Féin and Stephen Farry MP, Alliance. I gcomhar leis na Feisirí bhí an Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta,, Conradh na Gaeilge agus Julian de Spáinn,Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge. 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“B’ionann tacaíocht thraspháirtí an lae inniu, mar aon le coimitmint shoiléir Rialtas na Breataine maidir leis an reachtaíocht don Ghaeilge, b’ionann sin agus tromlach ollmhór na bhfeisirí pairliminte i Westminster. Tá tacaíocht ón tromlach fosta sa Tionól d’Acht Gaeilge, idir tromlach na bpáirtithe ansin agus tromlach na gComhaltaí féin. Ba cheart, de réir Ré Nua, Cur Chuige Nua, go raibh an reachtaíocht seo i bhfeidhm 500 lá ó shin. Cailleadh an spriocdháta sin ag an am, mar aon le spriocdháta Mheán Fómhair na bliana seo, agus anois tá ceann úr againn, deireadh na míosa seo, faoi mar a gheall Rúnaí Stáit na Breataine é féin, Brandon Lewis, níos luaithe i mbliana. Anois is gá dó a choimitmint féin, agus a amlíne féin, a chomhlíonadh.

“Ní fhágann sin ag Rialtas na Breataine, nó ag an Rúnaí Stáit, ach cúpla lá anois beart a dhéanamh de réir briathair. Tá giota agus 15 bliain imithe fosta ó thug siad an choimitmint don Acht Gaeilge an chéaduair, ag Comhaontú Chill Rìmhinn in 2006. Arís, tá Rialtas na Breataine, i gcomhar le Rialtas na hÉireann, mar chomhshínitheoirí ar chomhaontú eile a gheallann cearta teanga don Ghaeilge ó thuaidh. Leis an reachtaíocht úr seo, bunófar Oifig Coimisinéara Teanga ó thuaidh, cuirfear i bhfeidhm “caighdeáin dhea-chleachtais”, agus déanfar dlí a aisghairm a chuir cosc ar an Ghaeilge sna cúirteanna leis na céadta. Aontaíodh an reachtaíocht sin anuraidh, agus foilsíodh é ag an am. Tá an obair ullmhúcháin laistigh d’Oifig an Fheidhmeannais i mBéal Feirste ag dul ar aghaidh ó shin. Tá seo uilig réidh le dul. Níl aon leithscéal réasúnta fágtha gan seo a dhéanamh, nó chun a thuilleadh moille a dhéanamh ar an cheist. Tá an reachtaíocht don Ghaeilge anois mar chroí-scrúdú litmis do chách.”

 

Westminster_Cross-Party_-_Irish_language.jpeg

 

Second_--_Wesminter_Cross-Party_1.jpeg

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge