Litir thraspháirtithe sínithe ag ceannaire chúig pháirtí ó thuaidh ag éileamh ar an Fheidhmeannas & ar an dá Rialtas spriocdháta nua a aontú maidir le tabhairt isteach na reachtaíochta don Ghaeilge

15 Meitheamh 2021

Tá an litir nua sínithe ag ceannairí Pháirtí na Comhghuaillíochta, an Chomhaontais Ghlais, Phobal Roimh Bhrabús, SDLP agus Shinn Féin

Tá litir thraspháirtí seolta foilsithe sna meáin inniu, Máirt 15 Meitheamh 2021, ag éileamh “ar an Fheidhmeannas mar ábhar práinne clár ama a aontú agus a fhoilsiú maidir le glacadh le reachtaíocht don Ghaeilge mar a foilsíodh sa chomhaontú in Eanáir 2020, Ré Nua Cur Chuige Nua, le cinntiú go mbeidh sí i bhfeidhm roimh dheireadh na mandáide seo.”

Tá an litir nua sínithe ag ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta, Naomi Long CTR, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Clare Bailey CTR, Gerry Carroll CTR Phobal Roimh Bhrabús, ceannaire SDLP Colum Eastwood BP, agus Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill CTR. 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Faightear leis an litir seo tacaíocht ó chúig pháirtí, rud arb ionann í agus tromlach na gComhaltaí tofa ag Cnoc an Anfa, ar son na reachtaíochta don Ghaeilge. Éilítear sa litir seo go n-aontófaí clár ama nua a chinnteoidh go dtabharfar isteach an reachtaíocht roimh dheireadh na mandáide reatha. Má tá sin le tarlú, ní mór tús a chur leis an phróiseas sin láithreach bonn. Bhí spriocdháta de 100 lá luaite leis an reachtaíocht sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua anuraidh. Cailleadh an spriocdháta sin. Fós féin tá idir fhorálacha agus fhís an chomhaontaithe sin ann le tabhairt isteach na reachtaíochta a chinntiú sa mhandáid reatha. Is ionann aon iarrachtaí moill nó frustrachas a chur ar an phróiseas seo agus cúlú ó na bhun-choimitmintí féin. Níor cheart glacadh leis na hiarrachtaí sin ar bhealach ar bith. Munar féidir leis an DUP seasamh lena gcomhaontuithe féin agus beart a dhéanamh de réir briathair laistigh de chlár ama atá réasúnta ann féin, ní mór don dá Rialtas, ag an phointe sin, agus iad mar chomh-shínitheoirí agus mar chomh-údair ar an chomhaontú, seasamh isteach agus comhchainteanna a ghairm atá dírithe ar chlár ama nua a shocrú. Níl ach páirtí amháin san Fheidhmeannas atá ag seasamh i gcoinne na reachtaíochta, is é sin an DUP. Tá an reachtaíocht aontaithe, tá sí foilsithe agus réidh le dul. Níl aon leithscéal réasúnta fágtha gan seo a dhéanamh. Tá ceist seo na reachtaíochta Gaeilge anois mar chroí-scrúduithe litmis don DUP sna laethanta beaga amach romhainn.”

TEAGMHÁIL

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge 

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Twitter: @cnag 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge