Skip to main content

Grúpaí pobail fud fad na tíre ar aon ghúth agus iad ag éileamh ar Fhoras na Gaeilge maoiniú cóir agus éifeachtach a chur ar fáil don Scéim Pobal Gaeilge (SPG) gan a thuilleadh moille

9 Meitheamh 2021

Anois agus gach cuma go mbeidh breis maoinithe á cur ar fáil ag an dá Rialtas thuaidh agus theas d’Fhoras na Gaeilge táimid ag éileamh go ndéanfar tosaíocht phráinneach den scéim seo.

Tá gach grúpa as an 22 atá faoin Scéim Pobal Gaeilge, atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, ar aon ghúth agus iad ag éileamh ar an Fhoras maoiniú inbhuanaithe agus sásúil a aontú don chéad seal eile den scéim ag an gcruinniú Boird a bheidh acu Dé hAoine, 11 Meitheamh 2021. Cuireadh tús le comhairliúchán Fhoras na Gaeilge i mí na Bealtaine 2020 agus go dtí seo, níor glacadh aon chinneadh ar cheist seo na scéime úire go fóill. 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Chuir Foras na Gaeilge tús le próiseas comhairliúcháin ar an Scéim Pobal Gaeilge (SPG) bliain ó shin, agus spreag seo freagraí suntasacha ó ghrúpaí agus iad ar lorg tuilleadh infheistíochta sa scéim rathúil i ndiaidh deich mbliana de chiorruithe. Tá an SPG ar na scéimeanna pobail is luachmhaire de na scéimeanna Gaeilge maoinithe, le sochar suntasach sóisialta agus áitiúil ar infheistíocht; infheistíocht a bhí, go stairiúil, teoranta agus íseal. Tá na grúpaí SPG anois ag éileamh €55,000 an ghrúpa, rud a ligfeadh dóibh filleadh agus feidhmiú go héifeachtach ar sheachtain oibre 5 lá le síolchiste sásúil, nach ndéanfaí difríocht idir grúpaí atá lonnaithe i gceantair a bhfuil Líonraí Gaeilge, nó Bailte Seirbhíse Gaeltachta iontu, agus go mbeidh maoiniú ann le SPG a bhronnadh ar ghrúpaí nua. Spreag grúpaí áitiúla tacaíocht fhorleathan fud fad an oileáin; ina measc bhí páirtithe polaitiúla, Airí Rialtais, Comhchoiste Oireachtais agus polaiteoirí sa Dáil agus polaiteoirí ag Cnoc an Anfa. Tá bliain de neamhchinnteacht agus moilleadóireacht ar thodhchaí na scéime anois imithe. Tá sé thar am d’Fhoras na Gaeilge an rud ceart agus cothrom a dhéanamh; maoiniú sásúil a chur ar fáil don Scéim Pobal Gaeilge, agus cinnteacht a sholáthar do na grúpaí SPG agus na pobail ar an talamh gan a thuilleadh moille.”

Dúirt Brian Ó Gaibín, Oifigeach Forbartha i gCluain Dolcain:

“Oibríonn muid go crua inár bpobail féin agus d’ainneoin na ndúshlán agus an mhéaduithe atá tagtha ar an ualach oibre le blianta beaga anuas, leanaimid orainn ag soláthar seirbhísí laethúla do phobal Gaeilge, bíodh sin foghlaimeoirí, daoine atá ag tógáil clainne le Gaeilge, nó daoine a fhaigheann oideachas trí mheán na Gaeilge. Le blianta beaga anuas, tá grúpaí SPG thíos leis na ciorruithe ba mheasa maidir leis na costais chlár agus thuarastail, agus ina measc, laghdaíodh seachtain oibre na n-oifigí forbartha go 4 lá sa tseachtain. 

“In 2021 agus ar aghaidh, beidh buiséad níos mó ag Foras na Gaeilge mar gheall ar ghrúpaí SPG cosúil linne, agus grúpaí eile atá ag déanamh stocaireachta ar ionadaithe polaitiúla le blianta beaga anuas. Tá muid ag iarraidh go ndeimhneoidh Foras na Gaeilge, ar bhonn práinne, go ndéanfaidh siad an infheistíocht chuí sa scéim, agus go soláthróidh siad buiséad sásúil do gach grúpa, ag cinntiú €55,000 an ghrúpa. Ar a bharr seo, níor cheart go ndéantar laghdú ar bhuiséad grúpa SPG má tá Líonra Gaeilge nó Baile Seirbhíse Gaeltachta lonnaithe sa cheantar; cuireann seo inmharthanacht na ngrúpaí go mór i mbaol agus tágann sé salach ar bhun-phrionsabail na pleanála teanga ar fad.”

Tá sé tábhachtach a aithint gur bronnadh €80,000 sa bhliain ar ghrúpaí SPG roimhe seo, agus mar sin, tá an t-éileamh le haghaidh €55,000 an ghrúpa sa chéad scéim eile thar a bheith réasúnta. Ar a bharr seo, tá an t-iarratas seo ag teacht le fórmhór de fhreagraí an chomhairliúcháin a d’eagraigh Foras na Gaeilge i mí na Bealtaine 2020. 

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-ArdRúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+44 7596 520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR FAOIN SPG:

Tugann an Scéim Pobal Gaeilge (SPG) maoiniú do ghrúpaí áitiúla Gaeilge chun Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha a fhostú le plean gnímh áitiúil a chur le chéile. Aithnítear go bhfuil an Scéim Pobal Gaeilge ar cheann de na modhanna is éifeachtaí chun pobail theangacha áitiúla a thógáil agus a chothú; fosta, is é an bealach is éifeachtaí le maoiniú substainsiúil a chur ar fáil díreach chuig an phobal ar dhóigh a chinntíonn an luach is fearr ó infheistíocht phoiblí. Tá maoiniú don Scéim Pobal Gaeilge faoi riar ag Foras na Gaeilge.

 
 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.