Skip to main content

Cearta iomlán oibre don Ghaeilge san AE

23 Meitheamh 2021

Cinntíonn foilsiú Tuarascáil Choimisiún na hEorpa chuig Comhairle na hEorpa an tseachtain seo go dtiocfaidh deireadh le díolúine na Gaeilge san Aontas Eorpach agus go mbeidh cearta iomlán oibre ag an nGaeilge ón chéad lá de mhí Eanáir 2022. Ciallaíonn sé freisin go mbeidh comhchearta agus comhstádas ag an nGaeilge le teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

Léiríonn Tuarascáil Choimisiún na hEorpa freisin an obair ollmhór atá déanta ag réimse leathan páirtithe leasmhara, anseo ag baile agus san Eoraip, chun deireadh a chur leis an díolúine.

 

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá tábhacht faoi leith leis an Tuarascáil seo mar gurbh í an chéim dheireanach i bpróiseas ar cuireadh tús leis siar sa bhliain 2003 ag Seimineár Chonradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna. Ag an Seimineár sin aontaíodh ar fheachtas a thionscnamh chun Stádas iomlán oibre a bhaint amach don Ghaeilge. Mar chuid den fheachtas STÁDAS, a mheall tacaíocht leathan ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, rinneadh stocaireacht ar an gcóras polaitiúil, ag críochnú le mórshiúl trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an 24 Aibreán 2004. Chríochnaigh an mórshiúl sin le slógadh inár mbronnadh 80,000 síniúchán ar an bhFeisire de chuid Pharlaimint na hEorpa Seán Ó Neachtain.”

Agus an feachtas seo ag teacht chun críche anois tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do gach duine a thacaigh leis an bhfeachtas seo i mbealach ar bith. Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ba mhaith liom aitheantas faoi leith a thabhairt don Dr. Pádraig Breandan Ó Laighin agus Dáithí Mac Cárthaigh a bhí lárnach i dtionscnamh an fheachtais STÁDAS. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge san fheachtas seo ón tús agus ról faoi leith ag Uachtarán an ama sin, Nollaig Ó Gadhra agus eagraíochtaí eile. Bhí ról suntasach freisin ag Aoife Ní Scolaí, a bhí mar Ard-Rúnaí na heagraíochta ag an am, san obair chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge. Tá buíochas tuillte acu ar fad.”

 

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha: 

“Tá bóthar fada siúlta againn ó cuireadh tús leis an bhfeachtas seo agus tá buíochas ag dul d’an-chuid daoine agus eagraíochtaí as an dua atá caite acu chun an toradh seo a bhaint amach. Tá buíochas faoi  leith ag dul d’fhoireann na Gaeilge in Institiúidí an AE as an obair atá curtha i gcrích acu go dtí seo agus ar an mbealach ar léirigh siad go bhféadfaí seirbhísí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar. Tá buíochas ag dul do Rialtas na hÉireann, foirne na Ranna éagsúla agus polaiteoirí sa bhaile agus i bParlaimint na hEorpa a d’fheidhmigh air seo le blianta beaga anuas.”

“Cinntíonn an stádas atá bainte amach ag an nGaeilge san Aontas Eorpach stádas agus aitheantas breise don Ghaeilge trí chéile agus is léir cheana féin an dea-thionchar atá aige seo ar an nGaeilge, -  sa chóras oideachais agus maidir le deiseanna fostaíochta a chruthú do chainteoirí Ghaeilge. Léiríonn an próiseas seo freisin an méid ar féidir a bhaint amach don Ghaeilge nuair a thugann an Stát faoi chearta teanga a chinntiú i mbealach córasach seiftiúil. Tá an-chuid ceachtanna le foghlaim ón fheachtas don Ghaeilge san AE. Níl amhras ach go bhfuil ceachtanna le foghlaim ón bpróiseas seo agus muid ag obair chun Acht na dTeangacha Oifigiúla (leasaithe) a chur trína Dála chun cearta teanga a chinntiú ag baile do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Críoch

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-ArdRúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.