Skip to main content

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh bhunú Mhol Lárnach Aistriúchán mar a bhí geallta sa Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ anuraidh

19 Aibreán 2021

“Níl ann ach an chéad chuid den mhéid atá de dhíth”: An Mol Lárnach Aistiúchán seolta ag An Roinn Pobal inniu bunaithe ar mholtaí Chonradh na Gaeilge 

Tá sé fógartha ag an Aire Pobal ó thuaidh Deirdre Hargey CTR go bhfuil an Mol Lárnach Aistriúchán a gealladh sa chomhaontú úr anois ar bun agus ag feidhmiú. Is infrastruchtúr aistriúcháin atá sa Mhol úr a bheas ag freastal ar iarratais ar aistriúchán Gaeilge agus Ultaise, a bheas lonnaithe sa Roinn Pobal, agus a bheas ar fáil do na Rannaí Rialtais ó thuaidh, do chomhlachtaí poiblí ó thuaidh, na comhlachtaí páirtspléacha agus na comhlachtaí neamhrannacha poiblí, chomh maith leis na comhairlí áitiúla.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is dul chun cinn suntasach atá i mbunú agus i seoladh an Mhoil Lárnaigh Aistriúcháin inniu. Bhí Conradh na Gaeilge ag éileamh moil den chineál seo le tamall fada ó thuaidh, agus bhí an moladh luaite go sonrach againn inár bplé-chaipéis ar son Acht Gaeilge in 2017. Ba cheart go mbeadh an acmhainn lárnach rialtais ábalta freastal go héifeachtach agus go héifeachtúil do na rannaí rialtais agus na comhlachtaí poiblí ar fad ó thuaidh agus coinneoidh Conradh na Gaeilge súil ar chúrsaí go gcuirfear ar fáil seirbhísí teanga don phobal ag an chaighdeán is airde.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Cuireann muid fáilte mhór roimh an Mhol úr aistriúchán anseo ó thuaidh. Níl anseo, áfach, ach an tús. Tá an reachtaíocht teanga agus an straitéis Ghaeilge a gealladh sa chomhaontú chéanna fós le cur i bhfeidhm, agus is iad a chinnteoidh seirbhísí teanga don phobal. Ba cheart go mbeadh an Mol úr Aistriúcháin ann go príomha chun tacú leis an reachtaíocht nua agus an straitéis nua, mar sin, níl ann ach an chéad chuid den mhéid atá de dhíth. Tá i bhfad Éireann níos mó le déanamh.”

Idir an dá linn beidh Conradh na Gaeilge ag súil le freagra ón Fheidhmeannas maidir leis Straitéis Ghaeilge. Sheol Conradh na Gaeilge litir reamh-ghnímh Chúirte a sheol muid chuig an Fheidhmeannas 29 Márta 2021. Tá 21 lá ag an Fheidhmeannas freagra a thabhairt ar an litir sin. 

TUILLEADH EOLAIS

Is féidir theacht ar an eolas iomlán maidir leis an scéal seo ag na foinsí seo a leanas:

TEAGMHÁIL

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge 

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Twitter: @cnag 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.