An Feidhmeannas ó thuaidh curtha ar an eolas go bhfuil gníomh nua Ard-Chúirte beartaithe ag Conradh na Gaeilge maidir le moill rialú ar son na Straitéise Gaeilge a chur i bhfeidhm

1 Aibreán 2021

Leanann an gníomh cúirte seo bua stairiúil san Ard-Chúirt i Márta 2017 nuair a thug an Breitheamh Maguire le fios gur theip ar an Fheidhmeannas Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach

Tá litir oifigiúil reamh-ghníomh cúirte seolta ag Conradh na Gaeilge chuig an Fheidhmeannas ó thuaidh mar gheall ar an mhoill leanúnach atá air Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach. 

Ar an 3 Márta 2017 d’fhógair an Breitheamh Maguire a chinneadh stairiúil in Ard-Chúirt Bhéal Feirste ar Athbhreithniú Breithiúnach a ghlac Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015-35) faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn (2006) agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannas 2011-2015. Chinn an Breitheamh gur theip ar an Fheidhmeannais alt 28d d’Acht TÉ 1998 a chur i bhfeidhm. Tá Conradh na Gaeilge anois ag beartú dul ar ais chun na hArd-Chúirte le cur bhfeidhm an rialaithe sin a chinntiú. 

Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi 6 mhí ón chomhaontú. Sa bhreis air sin, bhí am-scála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an Fheidhmeannas faoi 3 mhí ón chomhaontú.

Tá breis agus 14 mí anois i ndiaidh a dhul thart agus níl aon dul chun cinn déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus níor foilsíodh aon am-scála ach an oiread, rud a bhí luaite go sonrach i rialú na hArd-Chúirte in 2017. Idir an dá linn, tá forbáirtí déanta ar shraith straitéisí eile atá curtha faoi bráid agus aontaithe ag an Fheidhmeannas, atá le críochnú roimh dheireadh na bliana seo. Níl aon iomrá ar aon dul chun cinn mar seo maidir leis an Straitéis Ghaeilge.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is doiligh a chreidiúint go bhfuil muid ar ais san áit gur gá dúinn gníomh cúirte a fhiosrú chun ár gcuid cearta teanga a fíorú anseo ó thuaidh. Seo Straitéis a gealladh 15 bliana ó shin. In 2017 thug an Breitheamh Maguire rialú thar a bheith soiléir agus láidir inár chuir sé in iúl don Fheidhmeannas gur theip orthu a gcuid coimitmintí don Ghaeilge a chur i gcrích. Anois, agus muid 4 bliana ar aghaidh ón rialú sin, agus 14 mhí ar aghaidh ó Chomhaontú eile le coimitmint don Straitéis ann, tá an Straitéis sin fós gan chur i bhfeidhm. Níl Conradh na Gaeilge ag iarraidh cás cúirte a thógáil arís ach déanfar é mura gcloítear leis na coimitmintí a tugadh do phobal na Gaeilge láithreach bonn. Ní féidir tuilleadh moille a chur ar chearta teanga ó thuaidh.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

“Ní amháin nach bhfuil an Straitéis féin againn fós, níl tús fiú curtha leis an phróiseas deartha, próiseas atá faoi lán-seoil do shraith eile straitéisí agus tá iad faofa ag an Fheidhmeannas. Tuigtear dúinn go raibh iarrachtaí déanta le bliain anuas seo a chur ar chlár oibre an Fheidhmeannais, ach gur cuireadh cosc ar na hiarrachtaí sin. Tá an mhoill leanúnach seo ag teacht salach ar Alt 28d de reachtaíocht Chomhaontú Aoine an Chéasta, ar Chomhaontú Chill Rímhinn, Comhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua, ar rialú na hArd-Chúirte 2017 agus ar mholtaí práinneacha COMEX de chuid Comhairle na Eorpa in 2020, a rinneadh i gcomhthéacs na Cairte Eorpaí do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh.”

Agus é ag gníomhú ar son Chonradh na Gaeilge, dúirt an t-aturnae Mícheál Ó Flannagáin:

“Tá litir reamh-ghnímh seolta againn inniu chuig an Fheidhmeannas thar ceann Chonradh na Gaeilge. Tá an gníomh cúirte atá beartaithe bunaithe ar theip leanúnach an Fheidhmeannais Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach faoi mar atá luaite leo in Alt 28d de chuid  Acht TÉ. In 2017 rinne an Ard-Chúirt dearbhú cúirte ar son Chonradh na Gaeilge, dearbhú a thug le fios gur shárú ar Alt 28d a bhí i dteip an Fheidhmeannais Straitéis Ghaeilge a thabhairt isteach. Ceithre bliana ar aghaidh ón dearbhú Ard-Chúirte sin agus fós féin níl an Straitéis Ghaeilge curtha i bhfeidhm.”

TUILLEADH EOLAIS

Is féidir theacht ar an eolas iomlán maidir leis an scéal seo ag na foinsí seo a leanas:

TEAGMHÁIL

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge 

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Twitter: @cnag 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge