Skip to main content

An Feisire Gael-Mheiriceánach Brendan Boyle ag tacú le héilimh phobal na Gaeilge go gcuirfí i bhfeidhm an reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh gan a thuilleadh moille

An Feisire Gael-Mheiriceánach Brendan Boyle ag tacú le héilimh phobal na Gaeilge go gcuirfí i bhfeidhm an reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh gan a thuilleadh moille

 

Screenshot_2021-05-20_at_15.37.12.png

 

Bhuail Conradh na Gaeilge leis an Ghael-Mheiriceánach, an Feisire Brendan Boyle, ar líne inniu (Déardaoin 20/5/2021). Faoi chaibidil ag an chruinniú bhí ceist na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh atá fós gan chur i bhfeidhm, cé gur gealladh í breis agus bliain ó shin, i mí Eanáir 2020 mar chuid den chomhaontu Ré Nua, Cur Chuige Nua. Mar chuid lárnach den phlé sin bhí na gealltanais teanga a rinneadh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998, agus an tAcht Gaeilge a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn in 2006. I láthair ag an chruinniú, i gcomhar le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, bhí Uachtarán ar Chumann Dlí na mBreithiún Nua Eabhrac, Domhnall Ó Catháin.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé fíor-thábhachtach do Chonradh na Gaeilge bheith ag plé cheist na teanga anseo go leanúnach le Gaeil-Mheiriceánacha, a d’imir ról lárnach i ndearadh agus i gcur chun cinn ár gcuid comhaontuithe polaitiúla anseo in Éirinn le blianta fada anuas. Inniu, bhí deis againn ár gcás maidir le cearta teanga ó thuaidh a chur faoi bhráid an Fheisire Brendan Boyle.. Bhí an-áthas orainn gur thacaigh sé go mór linn agus muid ag éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan aon mhoill bhreise an reachtaíocht teanga a gealladh mar chuid den chomhaontú anuraidh agus na gealltanais a rinneadh ag Cill Rìmhinn in 2006. Beidh an Conradh anois ar lorg tuilleadh cruinnithe le hionadaithe polaitiúla agus le grúpaí sna Stáit Aontaithe chun ceist an Achta agus cearta teanga a bhrú chun cinn.”

Ag caint ar a chuid tacaíochta ar son na reachtaíocht teanga, dúirt an Feisire Brendan Boyle:

“Bhí sé iontach suí agus labhairt leis an toscaireacht Gaeilge inné, áit ar pléigh muid na coimitmintí don Ghaeilge a rinneadh sna comhaontuithe uilig nár comhlíonadh riamh. Tacaím go hiomlán leis an éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan a tuilleadh moille na coimitmintí ar fad don Ghaeilge mar a luaitear iad sa chomhaontú anuraidh, Ré Nua Cur Chuige Nua, mar a luaitear iad i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006, agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhunchloch de chuid na gcomhaontaithe siúd. Tá mé ag súil leis an ceisteanna seo a ardú sna seachtainí beaga atá amach romhainn.”

PICTIÚR

Barr (C-D): Cuisle Nic Liam, Dr Niall Comer, Dr Pádraig Ó Tiarnaigh

Lár (C-D): Cuan Ó Seireadáin, Rep Brendan Boyle, Domhnall Ó Catháin

Bun (C-D): Conchúr Ó Muadaigh, Julian de Spáinn, Carly Frame

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.