Scannalach Nach Bhfuil Ach Cúpla Lá Le Leasuithe A Phlé Ar An mBille Gaeltachta, arsa Conradh na Gaeilge & Guth na Gaeltachta

D'fháiltigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta roimh fhoilsiú Bhille Gaeltachta 2012 de chuid an Rialtais Dé Máirt (19 Meitheamh 2012) ach creideann na heagraíochtaí pobail go bhfuil go leor ceisteanna fós le freagairt maidir leis an reachtaíocht toisc easpa eolas sonrach faoina chur i bhfeidhm, faoina riaradh agus faoin measúnacht ar na pleananna Gaeilge atá ag a chroílár, agus gur scannalach an rud é nach bhfuil ach go dtí maidin amárach le leasuithe a mholadh.

I mí an Mheithimh anuraidh, cuireadh in iúl do Ghuth na Gaeltachta agus do Chonradh na Gaeilge go raibh an reachtaíocht thábhachtach seo, don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, réidh le foilsiú roimh shamhradh 2011; bliain ina dhiaidh sin, foilsítear An Bille Gaeltachta 2012 agus ní thugtar ach cúpla lá le leasuithe a mholadh air agus chun plé a dhéanamh air, ó beidh an bille ag Céim 4 den phróiseas reachtaíochta faoin Déardaoin seo chugainn, 28 Meitheamh 2012.

Dar le Dónall Ó Cnaimhsí, Guth na Gaeltachta: "Tá imní mhór ar Ghuth na Gaeltachta faoi na pleananna teanga agus an chaoi go bhfuil ceantair ina bhfuil an Bhéarla in uachtar - Ceantair B faoi mar a leagadh amach sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) - measctha le ceantair ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar (Ceantair A) ins na ceantair pleanála teanga, faoi mar atá leagtha amach ag an Roinn go dtí seo. Deir seo linn go bhfuil an pholaitíocht á húsáid mar shlat tomhais in áit chritéir phleanála teanga faoi mar a bhí leagtha amach sa SCT.

"Beidh chuile rud ag brath anois ar na critéir a leagfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta síos, 'sé sin cinneadh polaitiúil eile, in áit chritéir oibiachtúla phleanála teanga mar atá leagtha síos sa SCT. Is ualach mór sa bhreis é na pleananna teanga seo do ghrúpaí pobail atá ag feidhmiú ar bhunús deonach don chuid is mó, ach níl aon acmhainní sa bhreis le bheith curtha ar fáil; is deacair mar sin a shamhlú go bhfuil an Stát dáiríre faoin Ghaeltacht a shlánú."

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta go mba chóir go ndéanfaí aonad riaracháin den Gharda Síochána agus de na Cúirteanna a chur ar bun, don Ghaeltacht agus sa Ghaeltacht, a riarfaí trí mheán na Gaeilge. Creideann an dá eagras freisin gur chóir go mbeadh monatóireacht neamhspleách á déanamh ar na pleananna Gaeilge faoin mBille Gaeltachta 2012, agus nach bhfágfaí faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na bpleananna, ach go mbeadh ról ag Oifig an Choimisinéara Teanga i dtaca le cur i bhfeidhm éifeachtach na bpleananna.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Braitheann an iomarca sa Bhille Gaeltachta 2012 ar dhea-thoil an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheidh i gcumhacht ag aon am ar leith chun cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta na tíre a stiúradh go cumasach; ba cheart go mbeadh dualgas ar an Aire gach feidhmiúchán dá c(h)uid a dhéanamh de réir chritéir pleanála teanga.

"Tá géarghá le struchtúr téagar, trédhearcach a sholáthar chun na pleananna Gaeilge seo ag croílár an Bhille Ghaeltachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach, struchtúr a sheasfaidh an fód cuma cé hé nó cé hí an tAire atá in oifig, struchtúr atá oscailte don phobal, struchtúr a dhéantar monatóireacht neamhspleách air ag té ina bhfuil muinín ag an bpobal ann nó inti; níl aon amhras ann ach go bhfuil muinín as cuimse ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in Oifig an Choimisinéara Teanga.

"An bhuairt eile atá ar Chonradh na Gaeilge ná nach mbeidh Údarás na Gaeltachta ionadaíoch ar an bpobal ar a fhreastalaíonn sé air a thuilleadh, de réir mar a sheasann cúrsaí faoin mBille Gaeltachta faoi láthair agus uireasa toghchán poiblí ann do chomhaltaí Bhord an Údaráis. Tá an-bhaol ann gur ceapacháin pholaitíochta a bheidh sna ceapacháin chun Bhord Údarás na Gaeltachta mura mbíonn aon ionchur ón bpobal i dtoghchán na gcomhaltaí ar an mBord, ná mura mbíonn deis ag baill an phobail cur isteach ar an mBord, fiú má tá na sainscileanna a bheadh in oiriúint d'obair an Údaráis acu."

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh go ndéanfaí airgead a shábháil trí líon níos lú comhaltaí a thoghadh gach bliain, ach go mbeadh méid áirithe fós á thoghadh ag an bpobal óir go bhféadfaí na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta á rith ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla sna ceantair éagsúla. Tá na heagrais ag moladh freisin go mbainfí leas as córas ceapacháin oscailte do Bhord Údarás na Gaeltachta le comhaltaí eile an Bhoird a cheapadh, amhlaidh ceapacháin le Bord RTÉ.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag lorg soiléiriú ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis na critéir agus leis an tacaíocht a bheidh ann do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus pleananna Gaeilge á n-ullmhú agus á ngníomhú acu faoin mBille Gaeltachta 2012.

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Dónall Ó Cnaimhsí,
Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 2491101

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge