Tá Conradh na Gaeilge faoi bhrón mór ag bás Albert Fry, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge (1979-1981). Bhí aithne air mar iar-uachtarán, mar thimire Gaeilge, mar amhránaí, mar pheileadóir Contae agus mar mhúinteoir i gCumann Chluain Ard, Béal Feirste. Is mór an buíochas atá le gabháil ar son a shaothair leis an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile agus le pobal na Gaeilge a neartú.
Déanann Conradh na Gaeilge a gcomhbhrón lena mhuintir i mBaile Átha Cliath agus san Astráil Mhór, lena chairde i mBéal Feirste agus i Rann na Feirste agus go háirithe leo sin i gCumann Chluain Ard a sheas an fód ar son na Gaeilge leis. Ceol na nAingeal go gcluine Albert uasal.
Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
"Is méala mór dúinn ar fad é bás Albert Fry, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Fear dílis dúthrachtach a thug a shaol ar son na teanga agus is boichte saol na Gaeilge agus saol na hÉireann gan é."
Críoch