Éilíonn eagraíochtaí óige na bpáirtithe polaitiúla go gcuirfí beartas náisiúnta um pacáistíocht dhátheangach i bhfeidhm

Tá Óige an Lucht Oibre, Ógra Fianna Fáil, Ógra Shinn Féin, Brainsí Coláiste agus Ollscoile na nDaonlathaithe Sóisialta, Young Fine Gael, agus na Glasaigh Óga / Óige Ghlas i dteannta le Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers beartas um pacáistíocht dhátheangach i bhfeidhm faoi dheireadh na bliana 2024. Chinnteofaí leis an mbeartas seo go ndéanfar gach téacs ar tháirge, a choimeádán nó a chlúdach, nó téacs ar cháipéis nó treoir a thagann leis, lena n-áirítear na treoracha úsáide agus na teastais bharánta, a dhréachtú i nGaeilge fud fad an Stáit. D’fhéadfadh aistriúchán nó aistriúcháin a bheith ag gabháil leis an inscríbhinn Ghaeilge, ach ní féidir aon inscríbhinn i dteanga eile a chur chun tosaigh thar an nGaeilge. Toisc go mbeidh an Ghaeilge ina theanga réamhshocraithele rogha aistriúcháin in éineacht leis, ceadaítear pacáistíocht aonteangach laistigh de cheantair na Gaeltachta agus pacáistíocht dhátheangach ar fud na tíre.

Measaimid gur bealach pragmatach é an togra seo chun rátaí litearthachta Gaeilge agus deiseanna labhartha leis an teanga a mhéadú gan aon mhéadú a chur ar chaiteachas an stáit. Thabharfadh an beartas seo, dá nglacfadh an stát leis, níos mó infheictheachta agus inrochtaineachta ar an nGaeilge d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais agus thabharfadh sé níos mó solúbthachta do shaoránaigh maireachtáil i nGaeilge nó i mBéarla. Tá sé ar intinn againn go mbeidh an beartas seo den chuid is mó ag baint le hoideachas a chur ar an bpobal agus is iad múinteoirí agus mic léinn (agus grúpaí eile nach iad) a bheidh thuas leis, iad siúd a bhfuil cumas sa Ghaeilge de dhíth dá gcuid fostaíochta sa státseirbhís cuir i gcás agus an 1 milliún duine + atá ag foghlaim na Gaeilge gach seachtain ar Duolingo, aip foghlama teanga. Cuirfear deiseanna nua fostaíochta ar fáil freisin do chainteoirí Gaeilge in earnálacha an aistriúcháin agus na margaíochta.

Níl sé mar sprioc againn go mbeidh aon chostais nua don ghnáthghnó mar gheall ar an mbeartas seo nach mbeadh i gceist i dtréimhse ghearr ama i.e. costais phacáistíochta, clódóireachta agus margaíochta. I gcás go mbeadh costais imeallacha i gceist tá deontas faoin Scéim Tacaíochta Gnó 2021 ar fáil trí Fhoras na Gaeilge d’fhiontair thráchtála beaga agus mheánmhéide chun an Ghaeilge a chur chun cinn trí chomharthaíocht, pacáistíocht, suíomhanna gréasáin agus ábhair chlóite margaíochta. Sa mheántéarma agus san fhadtéarma cuirfidh an beartas seo le gnólachtaí trí oibrithe dátheangacha a chruthú a bheidh solúbtha i mbealaí a éilítear san 21ú haois. Ní mór d’fhiontair idirnáisiúnta a gcuid táirgí a aistriú cheana féin agus iad ag díol le náisiúin eile, agus bheadh sé ar aon chéim le caighdeáin an AE go nglacfaimis leis an réamhriachtanas seo i gcomhair trádála anseo.

Ar mhaithe leis an tionchar ar ghnó a laghdú níos mó, tá sé ar intinn go mbainfeadh an beartas seo le táirgí nua a chuirfear ar an margadh i dtosach agus céim ar chéim ansin do tháirgí atá ann cheana féin de réir mar a dhéanann comhlachtaí pacáistíocht nó brandáil a athdhearadh de réir a gcuid riachtanas gnó féin. Is sampla maith rathúil é Ceanada de thráchtáil dhátheangach a ndéanaimid iarracht aithris a dhéanamh air anseo in Éirinn. Éilítear san Fhionlainn, tír atá san AE atá nach mór chomh mór linn féin go bhfuil gach ábhar díolacháin agus margaíochta sa dá theanga oifigiúla, san Fhionlainnis agus sa tSualainnis.

Is buntáiste mór é an dátheangachas d’fhorbairt intleachtúil páistí agus tugann sé na scileanna don pháiste atá riachtanach ar mhaithe leis an tríú nó ceathrú teanga a thabhairt leo.

Cuireann dátheangachas feabhas ar ár gcuid meiteachognaíochta, rud a dhéanann an inchinn níos sláintiúla agus níos fearr ag réiteach fadhbanna, ag aistriú ó thasc amháin go tasc eile agus ag díriú. D’fhéadfadh sé suas go dtí cúig bliana de mhoill a chur ar thús galair amhail galar Alzheimer agus Néaltrú chomh maith.

 

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:
Cian Ward

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge