Conradh na Gaeilge ag an Coimisiún do Thodhchaí na Meán

26 Márta 2021 (Féach ANSEO)

Buíochas leis an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán as an deis caint libh inniu. Tá tábhacht nach beag ag baint leis an obair atá ar siúl ag an gCoimisiúin agus tá súil againn i gConradh na Gaeilge go dtiocfaidh tairbhe as na moltaí a chuirfidh an Coimisiúin chun cinn.

Roimh dhíriú ar na moltaí atá ag Conradh na Gaeilge ar conas gur cheart tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú agus a leithdháileadh, ba mhaith liom labhairt beagáinín ar na cúiseanna inár dtuairim gur chóir an Ghaeilge a chur san áireamh sna príomhthosaíochtaí a éireoidh as an gcomhairliúchán seo.

Dar ndóigh, is í an Ghaeilge teanga náisiúnta na tíre de réir bhunreacht na hÉireann agus sí an phríomhtheanga oifigiúil í. Tá an stádas sin ann le fada ach níor feidhmeoidh i gceart air riamh. 

Ní amháin go bhfuil stádas bunreachtúil ag an teanga ach tá an pobal an-dearfach fúithi. De réir gach pobalbhreith ar dearcthaí i leith na Gaeilge, léirítear bá láidir sa phobal di. Mar shampla, de réir taighde déanta ag an ESRI i 2007 bhí 93% báúil don Ghaeilge agus i 2013 bhí 78% den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh Gaeilge ag a gcuid bpáistí. 

Tá daoine ag lorg deiseanna leis an nGaeilge a úsáid níos mó agus níos mó gach uile lá, go háirithe daoine óga. Tá seo le feiceáil sna coláistí tríú leibhéal, áit go bhfuil na Cumainn Gaelacha mar chuid de na cumainn mac léinn is mó. Tá Twitter, Gmail, Facebook agus meáin eile ar fáil agus in úsáid as Gaeilge. Sna pobalbhreitheanna arís, léirítear ní amháin go bhfuil an pobal báúil don teanga ach go n-aontaíonn siad gur chóir níos mó soláthar agus úsáid a bhaint aisti. Mar shampla, de réir suirbhé Kantar i 2020 d’aontaigh 68% nach bhfuil a dhóthain deiseanna ann do dhaoine óga leis an nGaeilge a úsáid lasmuigh den chóras oideachais. Agus sa suirbhé céanna feictear dúinn go bhfuil a chomhionann agus 1.6 milliúin muiníneach as an nGaeilge a thuiscint.

Conas gur féidir linn freastail ar an éileamh agus ar an poitéinsiúil seo tríd na meáin in Éirinn agus conas gur féidir leis na meáin ról lárnach a imirt le húsáid na Gaeilge a normalú i sochaí na hÉireann? 

Sílim gur fiú féachaint ar sampla iontach den normalú seo, cé go raibh sé gearrthréimhseach, le déanaí. Ón gcéad lá go dtí an seachtú lá déag Márta bhí an Ghaeilge in úsáid go minic agus go bródúil le linn Seachtain na Gaeilge ar go leor leor de na meáin in Éirinn. Cuirtear an cheist i gcónaí ag deireadh na féile cén fáth nach féidir leanúint leis an úsáid céanna den teanga tríd an mbliain ar fad?! Ceist mhaith go cinnte agus déanfaidh mé iarracht, tríd mo mholtaí ar conas gur cheart tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú agus a leithdháileadh i bhfianaise nádúr éagsúil na dtéamaí atá le clúdach agus na héilimh iomaíocha, an cheist a fhreagairt anois.

I gcás cúrsaí teilifíse, caithfear a aithint go bhfuil dúshláin faoi leith ann don Ghaeilge dul in iomaíocht leis na hardáin agus leis an iliomad stáisiúin teilifíse atá ar fáil don phobal as Béarla. Níl ach TG4 ag soláthar céatadán ard dá chláracha as Gaeilge, agus 3 stáisiúin eile faoi bhrat RTÉ ag soláthar líon beag cláracha as Gaeilge (thart ar 1% dá soláthar iomlán), i measc breis is 300 stáisiún teilifíse in Éirinn. Molann an Conradh na rudaí seo a leanas chun cur leis an soláthar teilifíse as Gaeilge:

  • Ba chóir TG4 a mhaoiniú i gceart agus ar an mbonn céanna le S4C sa Bhreatain Bheag le cinntiú go mbeidh an stáisiún in ann soláthar iomlán de chláracha as Gaeilge a chur ar fáil
  • Ba chóir go gcraolfaidh RTÉ ar a laghad 5% dá gcláracha teilifíse as Gaeilge, agus d’fheadfai seo a dhéanamh tríd gearradh siar ar na sraith teilifíse Béarla atá ar fáil ar stáisiúin teilifíse eile 
  • Ba chóir úsáid na Gaeilge a normalú i gcláracha siamsaíochta uile RTÉ tríd riachtanas Gaeilge a chur san áireamh in aon chonradh a bhronnfar ar chomhlacht léiriúchán neamhspleách nó a dhéanfaidh RTÉ fhéin amach anseo, ar nós Dancing With The Stars, First Dates, srl.
  • Ba chóir go gcinnteoidh TG4 agus RTÉ seirbhís as Gaeilge do dhaoine óga ónar a laghad 07.00 ar maidin go dtí a 7.00 san oíche 
  • Ba chóir do RTÉ an tráchtaireacht Gaeilge spórt a cuirtear ar fáil a mhéadú le gach cluiche CLG agus gach cluiche idirnáisiúnta rugbaí agus sacar a chur san áireamh 
  • Ba chóir teicneolaíocht nua digiteach a úsáid le fotheidealú i nGaeilge a chur ar fáil ar chláracha Gaeilge mar rogha chomh maith le fotheidil Bhéarla. Fhreastalódh seo ar chainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge

Ó thaobh cúrsaí raidió de, níl ach 3 stáisiún Gaeilge lánaimseartha as an 70 stáisiún raidió ag feidhmiú ó dheas, agus astu siúd tá stáisiún amháin dírithe go príomha ar phobal na Gaeltachta, stáisiún eile ag craoladh i mBaile Átha Cliath amháin ar FM agus stáisiún eile dírithe ar dhaoine óga nach bhfuil ceadúnas FM aige. Bíonn cláracha Gaeilge rialta ag cuid mhaith de na stáisiúin raidió eile ach, de réir taighde ó John Walsh in Ollscoil na hÉIreann Gaillimh le déanaí, craoltar na cláracha don chuid is mó lasmuigh d’amanna barréisteachta. Leis an soláthar Gaeilge ar an raidió a mhéadú, molann an Conradh:

  • Gur chóir go mbeadh coinníoll san áireamh in aon cheadúnas raidió nua, nó in aon athnuachan ar chonradh, le soláthar intomhaiste de líon airithe cláracha Gaeilge a chur ar fáil, laistigh agus lasmuigh d’amanna barréisteachta
  • Ba chóir fáil réidh leis an táille d’Údarás Craolacháin na hÉireann a ghearrtar ar chraoltóirí raidió ar nós Raidió na Life, rud a chabhródh leo cur leis an soláthar agus réimse clár a chuireann siad ar fáil
  • Ba chóir cur le cumas RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuid seirbhísí reatha a fhorbairt
  • Ba chóir an maoiniú cuí a chur ar fáil do Raidió Rí-Rá, an cairt-stáisiún raidió don aos óg atá ag feidhmiú ó 2008, le craoladh go lánaimseartha ar ardáin breise, FM go háirithe san áireamh, agus tríd sin rochtain ar an stáisiún a chinntiú do gach duine óg sa tír. Tá daoine ann a deir nár chóir a bheith buartha faoi FM. Deir siad nach bhfuil daoine óga ag éisteacht leis an raidió. Dá mbeadh sin fíor, áfach, bheadh Spin 103.8, Beat 102-103, agus eile. ag tabhairt a gceadúnas FM ar ais go dtí Údarás Craolacháin na hÉireann

Chomh maith leis na moltaí sin do na meáin raidió agus teilifíse araon:

  • Ba chóir ar a laghad fógra amháin i ngach 5 fógra in aon fheachtas feasachta stáit ar an raidió nó ar an teilifís a bheith as Gaeilge chun cabhrú le normalú na Gaeilge. Ní fheictear agus ní chloistear an Ghaeilge ach go fíor-annamh in aon fheachtas feasachta faoi láthair
  • Ba chóir go mbeidh soláthar sásúil as Gaeilge ar shuíomh gréasáin, sruthanna, podchraoltaí, meáin sóisialta, aipeanna, agus aon ardán eile de chuid na meáin seirbhíse poiblí chomh maith

Ó thaobh iriseoireachta de, níl ach dhá nuachtán Gaeilge ann (Tuairisc.ie agus nós.ie atá ar fáil ar líne amháin) as an breis is 70 nuachtán agus 4 iris as an breis is 200 iris sa tír. Bíonn ailt as Gaeilge ó am go chéile ag líon beag de na nuachtáin agus irisí eile. Le dul i ngleic leis an easpa soláthar Gaeilge seo, molann an Conradh:

  • Gur chóir ciste faoi leith a bhunú chun cabhrú leis na nuachtáin agus irisí Gaeilge reatha a fhorbairt, go háirithe le cabhrú leo breis iriseoirí lánaimseartha agus saoririseoirí a fhostú
  • Gur chóir sciar d’aon chiste a chuirfear ar bun amach anseo chun cabhrú le hiriseoireacht a chur ar leataobh d’ailt as Gaeilge sna nuachtáin agus sna hirisí a fheidhmíonn go príomha as Béarla 

Mar fhocal scoir, cloisim daoine a rá ó am go chéile nach bhfuil aon éileamh, nó a dhóthain éileamh, do sholáthar Gaeilge ó na meáin. Mar fhreagra air sin, caithfear a rá nach bhfuil agus nach raibh soláthar sásúil riamh ann as Gaeilge ar na meáin leis an éileamh a chruthú. Tógfaidh sé am agus acmhainní seo a bhaint amach agus tá súil agam go mbeidh an Coimisiúin um Thodhchaí na Meán in ann féachaint chuige, 100 bliain ó a bunaíodh an stáit ó dheas, go mbeidh soláthar sásúil déanta ar na meáin do phobal na Gaeilge, na Gaeltachta agus dóibh siúd le spéis sa teanga don chéad uair riamh.

 

Go raibh maith agaibh

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge