BUA STAIRIÚIL DON GHAEILGE SAN EORAIP AR LÁ FHÉILE PÁDRAIG

Inniu, Lá le Pádraig, 17 Márta, d’éirigh le Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, i gCúirt Bhreithiúnas an Aontais Eorpaigh ina chás in aghaidh Rialtas na hÉireann maidir le cearta teanga. Seo é an chéad cás riamh a tógadh i nGaeilge os comhair na Cúirte sin , an chúirt is airde san Eoraip.

De réir Treoir 2001/82 den Aontas Eorpach, ní foláir d’eolas áirithe ar phacáistí leighis d’ainmhithe a bheith i dteangacha oifigiúla na tíre a bhfuil siad ar an margadh inti .i. Gaeilge agus Béarla i gcás na hÉireann. D’ainneoin sin, chinn an tAire Talamhaíochta lipéadú as Béarla amháin a cheadú anseo rud a sháraigh Dlí na hEorpa. Nuair a tháinig an cás os comhair na hArd-Chúirt in Éirinn, rinne an t-Aire an argóint go raibh Treoir 2001/82 le dul i léig an 28 Eanáir 2022, agus dá bhrí sin nárbh fhiú í a chur i bhfeidhm idir an dá linn. Chuir an Ard-Chúirt an cheist dlí sin faoi bhráid na Cúirte Eorpaí.

Dhearbhaigh Cúirt na hEorpa inniu go gcaithfidh an Ard-Cúirt in Éirinn a dhearbhú gur theip ar an Aire Talmhaíochta feidhm a thabhairt do dhlí an Aontais maidir leis an riachtanas go mbeadh lipéidí ar tháirgí leighis d’ainmhithe i nGaeilge agus i mBéarla in Éirinn agus an sárú sin a leigheas.

Is gnáthrud é an lipéadú ilteangacha sa mBeilg, sna tíortha Nordacha agus sna tíortha Baltacha agus ní bhíonn na costais na dtáirgí ansin níos airde ná in Éirinn.
 
Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Comhghairdeas le Peadar Mac Fhlannchadha agus a fhoireann dlí a bhain an cás cearta daonna tábhachtach seo amach i gCúirt Bhreithiúnas na hEorpa inniu. Ní raibh ó Pheadar ach na cearta céanna teanga a chuirtear ar fáil ar fud na hEorpa ach shéan Rialtas na hÉireann na cearta sin uaidh. Táimid ag súil go bhfeidhmeoidh Rialtas na hÉireann anois láithreach bonn leis an dlí a chur i bhfeidhm mar atá rialaithe inniu."
 
Is féidir breathnú ar an mBreitheamh Eugene Regan ag léamh an bhreithiúnais ag https://www.twuko.com/EUCourtPress.
 

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge