Skip to main content

#LNMS21: Lá na Meán Sóisialta ag spreagadh daoine leis na meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge

600 dalta bunscoile agus iar-bhunscoile ag glacadh páirte i gceardlanna #LNMS21

Tá Lá na Meán Sóisialta ar siúl inniu (Céadaoin 10 Márta 2021) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021. Is í aidhm Lá na Meán Sóisialta ná daoine a spreagadh leis na meáin shóisialta agus teicneolaíocht a úsáid trí Ghaeilge. Iarraimid inniu ar an bpobal postáil as Gaeilge a chur in airde ar na meáin shóisialta agus an haischlib #LNMS21 a úsáid. 

Tá sé mar sprioc againn freisin na féidearthachtaí atá ann leis an nGaeilge a thaispeáint do dhaltaí na tíre ar bhealach spraíúil. Chuige sin, beidh ós cionn 600 dalta bunscoile agus iar-bhunscoile ag glacadh páirte i gceardlanna ar an lá. I measc na gceardlanna beo beidh ceardlanna raidió, ceardlanna ríomhclárú, ceardlanna aclaíochta agus dár ndóigh ceardlanna ar na meáin shóisialta. 

Deir Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“‘Sé sprioc Lá na Meán Sóisialta ná an Ghaeilge ar líne a cheiliúradh. Táimid go léir cleachtaithe le bheith ag obair, ag staidéar agus ag bualadh le cairde ar líne le bliain anuas, agus tá cuid mhaith den gníomhartha sin déanta trí Ghaeilge. Is bealach iontach é Lá na Meán Sóisialta le céiliúradh a dhéanamh ar an fhás atá tagtha ar an Ghaeilge sa phobal agus ar líne le roinnt blianta anuas. Is féidir páirt a glacadh sa lá trí phostáil as Gaeilge a sheoladh agus an haischlib #LNMS21 a úsáid agus dár ndóigh is féidir freisin do chuntais ar na meáin shóisialta a athrú go Gaeilge.”

Deir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Cosanta agus an Spóirt, Jack Chambers T.D.: 

“Mar is eol dúinn is uirlisí cumhachtacha iad na meáin shóisialta, chun a bheith gníomhach ar líne agus chun cumarsáid agus caidrimh a fhorbairt. Tá an Ghaeilge chomh forleathan ar líne anois gur fiú lá chomh mór le seo a leagan ar leath-thaobh le ceiliúradh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta againn go léir le chéile. Is bealach í Lá na Meán Sóisialta chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar fud na cruinne.”

Deir Aoife Ní Mhórdha, Comhordaitheoir Tionscadail le Conradh na Gaeilge :

“I mbliana theastaigh uainn deis a thabhairt do níos mó daoine óga ó fud fad na tíre, páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta. Tá ceardlanna idirghníomhacha á reáchtáil againn le húsáid na Gaeilge a nascadh leis an teicneolaíocht agus an Ghaeilge ar líne a cheiliúradh. Tá forbairt tagtha ar imeachtaí an lae ónar cuireadh tús le Lá na Meán Sóisialta in 2017 agus béim faoi leith á cur againn ar theicneolaíocht i measc daltaí bunscoile, a bheas páirteach sna ceardlanna don chéad uair i mbliana." 

Is féidir páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta trí phostáil as Gaeilge a chur ar na meáin shóisialta agus an haischlib #LNMS21 a úsáid. 

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. Le tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile téigh go snag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.