Comhchoiste um Chur i bhFeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta

Comhchoiste um Chur i bhFeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta

2 Márta 2021, 10am

 

Conradh na Gaeilge – Óráid tosaigh

Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge

 

‘Sé bhur mbeatha a chairde agus ar dtús is mian liom, thar ceann Chonradh na Gaeilge, buíochas a ghabháil libh as an fháilte agus an deis bheith libh inniu chun cás na Gaeilge mar atá sé ó thuaidh a phlé libh. Sula dtosaím ar an phlé sin, is ceart dom a lua, mar atá fhios agaibh, gur cuireadh tús le Seachtain na Gaeilge na bliana seo inné, 1 Márta, agus beidh féile na bliana seo ag dul ar aghaidh go Lá Fhéile Pádraig. Táimid an-sásta go bhfuil an imeacht seo ag titim amach i rith Sheachtain na Gaeilge. De dheasca chúrsaí Paindéime tá Seachtain na Gaeilge na bliana seo á reáchtáil beagnach iomlán ar líne. Beidh scoth imeachtaí ar fáil agus iarraim oraibh iarracht ar leith a dhéanamh i mbliana an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn go háitiúil, sa pháirtí agus ag cruinnithe Rialtais nuair atá an deis agaibh. Beidh Conradh na Gaeilge agus foireann Sheachtain na Gaeilge ar fáil chun tacú libh sin a dhéanamh.

Mar atá fhios agaibh, baineann ár dtéama cainte agus plé inniu le ceisteanna cearta teanga ó thuaidh. 

I gComhaontú Aoine an Chéasta 1998,  gealladh ré úr chomhionannais don Ghaeilge ó thuaidh. Tugadh coimitmintí sonracha agus láidre maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint. Ina measc gealladh

  • beart diongbháilte a dhéanamh leis an teanga a chur chun cinn; 
  • úsáid na teanga a éascú agus a chur chun cinn ó bhéal agus i scríbhinn sa saol poiblí agus príobháideach araon nuair a bhíonn an ráchairt chuí ann;
  •  féachaint, nuair is féidir, le constaicí a chuirfeadh beaguchtach ar nó a chuirfeadh in éadan chothabháil nó forbairt na teanga a shárú;
  • dualgas reachtúil a chur ar an Roinn Oideachais leis an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus a éascú ar an dóigh chéanna a ndéantar i gcás an oideachais imeasctha;

In ainneoin na gcoimitmintí seo, cuireadh baic leanúnacha roimh phobal na Gaeilge an teanga a úsáid agus rinneadh ionsaithe leanúnacha orthu siúd a roghnaigh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge ó la go lá. Leis sin, tháinig brú ón phobal féin cearta Gaeilge a lárnú sa dlí agus reachtaíocht teanga a bhaint amach den chéad úr riamh ó thuaidh. 

Ag éirí as na hiarrachtaí siúd, mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn 2006 gealladh go soiléir “go dtabharfaidh [an] Rialtas [na Breataine] isteach Acht Gaeilge ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh sé i gcomhpháirt leis an Fheidhmeannas...le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.” Is coimitmint í sin nár comhlíonadh riamh. 

Ar an drochuair, faoin am a dtáinig an Toghchán Tionóil in 2016, bhí 3 iarracht caillte sa tréimhse 10 bliana sin Acht Gaeilge a thabhairt isteach. Tháinig an cheist os comhair an Tionóil trí huaire, agus rinneadh comhairliúchán poiblí ar an ábhar faoi thru; gach uair, bhí tacaíocht ó thromlach mór ar son Cearta Teanga, ach cuireadh bac ar aon dul chun cinn sa Tionól féin. A bhuí le hiarrachtaí phobal na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge d’éirigh linn tromlach na bpáirtithe sa Tionól a spreagadh chun tacú leis an Acht Gaeilge neamhspléach, rud arb ionann agus 50 as 90 Comhalta thar 5 pháirtí eagsúla. 

Ag an phointe seo fosta a thosaigh feachtas An Dream Dearg, a threisigh an feachtas #AchtAnois, agus a thiomáin go croílár an dioscúrsa pholaitiúil é ó thuaidh agus a chuir cearta teanga ó thuaidh ar bharr chlár na gcainteanna sna próisis idirbheartaíochta idir 2017 agus 2020. Le teacht Eanáir 2020 baineadh amach coimitmint nua do reachtaíocht Gaeilge sa Chomhaontú “Ré Nua Cur Chuige Nua” agus fríd an reachtaíocht seo bunófaí Oifig Coimisinéara Teanga agus caighdeáin theanga “dhea-chleachtais”. Cé nach raibh gach rud ann sa chomhaontú, agus creid uainn, níl sé ar an phíosa reachtaíochta teanga is fearr a scríobhadh riamh, ná baol air, is deis atá ann fós tús dáiríre a chur le cosaint reachtúil na teanga ó thuaidh, rud atá thar a bheith stáitiúil ann féin. Bunaíodh go leor de na forálacha a cuireadh san áireamh sa reachtaíocht ar mholtaí a rinne Conradh na Gaeilge leis na páirtithe agus leis an dá rialtas le blianta anuas. 

Gealladh go mbeadh an reachtaíocht teanga i bhfeidhm laistigh de 100 lá ón chomhaontú bheith aontaithe. Rud nár tharla.

Gealladh fosta go mbeadh an Straitéis Ghaeilge a gealladh, mar chuid de Chomhaontú Chill Rímhinn 2006 chomh maith, i bhfeidhm laistigh de 6 mhí. Rud nar tharla.

Breis agus bliain ar aghaidh ón Chomhaontú sin anuraidh tá pobal na Gaeilge fós ag fanacht ar chomhlíonadh coimitmintí. Is iad Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine comhscríbhneoirí agus comhshínitheoirí an chomhaontuithe seo, agus cé go dtiteann sé ar an Fheidhmeannas féin seo a chur i bhfeidhm, tá ról lárnach ag an dá Rialtas i bhfíorú na físe seo gan a thuilleadh moille. Mura ndéantar beart de réir briathair go fíor-luath, tá deis mhór ann go gcaillfear amach ar a reachtaíocht teanga sa mhandáid reatha ina bhfuil muid, agus má tharlaíonn sé sin, bí cinnte go mbeidh an reachtaíocht Ghaeilge mar chnámh-spairne idir na páirtithe sa chéad fheachtas toghchánaíochta eile ag tús 2022. Dhéanfadh sin dochar ollmhór don Ghaeilge agus do phobal a labhartha. Is mian linn sin a sheachaint. Déanfar sin tríd an reachtaíocht a chur i bhfeidhm anois.

Chuige sin, is mian linn iarraidh ar an Choiste seo rún a rith go rachaidh an coiste i dteagmháil leis na páirtithe leasmhara ar an dóigh seo a leanas:

  • go scríobhfar chuig an Aire Gnóthaí Eachtraí, Simon Coveney TD, chuig Rúnaí Stáit na Breataine, Brandon Lewis MP, atá beirt mar chomhshínitheoir ar na comhaontuithe éagsúla seo, agus go scríobhfar chuig Oifig an Fheidhmeannais ó thuaidh, le héileamh orthu a chinntiú go  gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht Gaeilge agus an Straitéis Ghaeilge a luaitear sa chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ gan a thuilleadh moille.

Ba mhór againn dá nglacfaí leis an rún sin, agus beidh Conradh na Gaeilge sásta comhoibriú leis an Choiste na bearta sin a chur i gcrích agus in bhur gcuid iarrachtaí eile coimitmintí ar son na Gaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach chomh luath agus is féidir.

Míle buíochas libh ar fad as ucht bhur gcuid ama.

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge