Skip to main content

Seachtain na Gaeilge le Energia le seoladh ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn 

Beidh an fhéile idirnáisiúnta ar siúl ón 1 - 17 Márta

Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge le Energia 2021. Imeacht fíorúil a bheas á chraoladh ar leathanach Facebook na féile, @SnaGaeilge, ar an 1 Márta ag 20:00. I ndiaidh caint an Uachtaráin, cuirfidh Niamh Ní Chróinín ambasadóirí na féile, Imelda May, Declan Hannon agus Bláthnaid Treacy faoi agallamh. 

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann: 

“Is ábhar cheiliúradh í an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht.  Is féile í Seachtain na Gaeilge don phobal i gcoitinne, idir nuachainteoirí, chainteoirí líofa, agus iadsan go léir nach féidir a rangú go néata sna catagóirí seo. Táimid go léir ar ócáidí mar seo ag ceiliúradh teanga atá cothaithe againn mar phobal in ainneoin brú an t-impearachas deacrachtaí agus dúshláin na staire.” 

Dúirt Imelda May, Ambasadóir na féile: 

“Do Sheachtain na Gaeilge le Energia ba mhaith liom a bheith i m’ambasadóir do dhaoine cosúil liom féin, iad siúd a raibh deacracht acu leis an nGaeilge san am atá caite ach a bhfuil an-spéis go deo acu tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt do dhaoine teacht liom ar m’aistear leis an teanga, tógáil ar an muinín atá acu agus úsáid a bhaint as cibé Gaeilge atá acu gan a bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh.”

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia:

“Táimid an-bhuíoch don Uachtarán as ucht Seachtain na Gaeilge le Energia 2021 a sheoladh. Is mór againn a thacaíocht don fhéile agus do na grúpaí pobal fud fad na tíre agus ar fud an domhain a bheas ag eagrú imeachtaí le linn na féile. In ainneoin srianta Covid táimid ag súil le féile don chéad scoth a bheith ann i mbliana.”

Is í an fhéile bhliantúil Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile idirnáisiúnta Gaeilge is mó agus bíonn sí ar siúl gach bliain i mí an Mhárta. Beidh féile na bliana seo ar siúl ón 1 - 17 Márta agus na mílte gníomhaíocht ar siúl ar fud an domhain chun teanga dhúchais na hÉireann a cheiliúradh. Is féidir liosta iomlán d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fháil ó: www.snag.ie

Tá an fhéile eagraithe ag Conradh na Gaeilge ó 1902 agus táimid buíoch den tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Energia.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.