Ard-Fheis spreagúil ar líne ag Conradh na Gaeilge agus clár oibre an-uaillmhianach leagtha amach don bhliain romhainn

An Dr. Niall Comer athtofa mar Uachtarán na heagraíochta ar feadh bliana eile

Tá an Dr Niall Comer, Uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge, athtofa mar Uachtarán ar an bhfóram daonlathach do phobal na Gaeilge ag an chéad Ard-Fheis ar líne ag Conradh na Gaeilge a reáchtáladh inniu, Dé Sathairn 27 Feabhra. Cuireadh tús leis an Ard-Fheis le hóráid agus ceisteanna ar Catherine Martin TD, An tAire Turasóireachta, Cúltúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ansin phléigh baill na gCraobhacha ó fud fad an domhain rúin na hArd-Fheise.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Gabhaim buíochas le ballraíocht Chonradh na Gaeilge as muinín a léiriú ionam arís i mbliana agus mo thréimhse mar Uachtarán ar an eagraíocht ag teacht chun deiridh ar an bhliain seo chugainn. Thug muid faoi dhúshlán bhliain seo na paindéime go cróga agus níl aon amhras orm go mbeidh Conradh na Gaeilge, an fhoireann, na craobhacha agus na baill aonair i gcóngar agus i gcéin in ann teacht slán ó ghéarchéim na paindéime seo.”

Chuir Catherine Martin TD, An tAire Turasóireachta, Cúltúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tús leis an Ard-Fheis agus i measc na rudaí a dúirt sí ar an lá, duirt sí: 

“Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh againn sa Rialtas leis an gclár oibre atá leagtha amach dúinn féin.  Is ar bhonn chéimiúil atá sé á dhéanamh agus i gcomhpháirtíocht le pobail Ghaeltachta, le comhlachtaí stáit agus leis an earnáil dheonach ach go háirithe.  Tá, agus beidh, deacrachtaí agus dúshláin le sárú againn agus muid ag obair ar son an phobail teanga ach is ag obair as lámha a chéile a thiocfaimid ar réitigh ar na deacrachtaí sin.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá clár oibre an Chonartha anois socruithe ag ár mballraíocht don chéad bhliain eile agus rachaimid i mbun oibre leis na rúin a aontaíodh leo inniu a bhaint amach. D’aontaigh na Teachtaí go bhfuil gá dlús a chur le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus na straitéise Gaeilge ó thuaidh. Beidh deis againn sin a dhéanamh nuair a rachaidh an Conradh os comhair an Comhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTithe an Oireachtais Dé Máirt seo chugainn agus nuair a bhuaileann muid le hAire Stáit Thuaisceart Éireann Robin Walker go luath. 

Chomh maith leis sin, feidhmeoidh an Conradh ar na buairteanna léirithe ag an Ard-Fheis maidir leis an nGaeilge sa chóras oideachais ó dheas. Tá an-bhaol leis an gcomhairliúchán nua seolta ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) an tseachtain seo. Tá gach cuma ar an scéal nach bhfuil na sonraíochtaí nua don ardteist molta ag an CNCM chun freastail i gceart ar an gcainteoir dúchais nó ar an gcainteoir lag. Is gá don Rialtas anois seasamh isteach, an comhairliúchán sin agus eile a chur ar leataobh agus tús a chur leis an ngealltanas a thug siad sa Chlár Rialtais le polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil* go dtí an tríú leibhéal a fhorbairt gan a thuilleadh moille.”

Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar Seán Ó Sé agus chuir Seán deireadh álainn le himeachtaí na maidine le leagan álainn de Oró Sé do Bheatha ‘Bhaile.

* de réir ár bhfeachtas #Gaeilge4All, ba chóir go gcuimseodh polasaí mar seo forbairt an pholasaí oideachais Gaeltachta reatha, forbairt polasaí don Ghaeloideachas agus forbairt polasaí don Ghaeilge sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla in aon mórpholasaí amháin.

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge