Skip to main content

#AFCNAG: Ceisteanna Gaeilge, Gaeltachta agus Gluaiseachta Teanga uilig faoi chaibidil ag Ard-Fheis Fhíorúil Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo

Gradam Chonradh na Gaeilge le bronnadh ar an amhránaí clúiteach Seán Ó Sé

Reáchtálfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar líne don chéad uair riamh ar 27 Feabhra 2021 agus is é Cá bhfuil ár dTriail i ndiaidh COVID? téama na hArd-Fheise i mbliana. Cuirfear tús leis an Ard-Fheis Dé Sathairn, 27 Feabhra, ag a 10.00am le Catherine Martin TD, Aire na Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus bhronnfar Gradam an Uachtaráin ar an amhránaí mór le rá, Seán Ó Sé, as ceantar Bheanntraí i mBéarra, roimh dheireadh seisiún na maidine. 

I rith an lae beidh polaiteoirí éagsúla ag caint ar mhórthéamaí na hArd-Fheise seo, beidh deis ag teachtaí vóta a chaitheamh chun clár oibre Chonradh na Gaeilge a threorú sa chéad bhliain eile agus ceapfar Coiste Gnó, Uachtarán agus Coiste Gnó don bhliain amach romhainn. 

I measc na rún a bheas faoi chaibidil ag Craobhacha agus baill na heagraíochta, luaitear ach go háirithe:

  • Rúin maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga thuaidh agus theas;
  • Rúin a dhíríonn ar cheisteanna Gaeltachta, na gColáistí Samhraidh agus cúrsaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht;
  • Rúin bunaithe ar thodhchaí na Scéime Pobail Ghaeilge agus pleananna infheistíochta Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta amach anseo;
  • ...agus go leor eile nach iad.

Beidh ceardlann forbartha dírithe ar chraobhacha an Chonartha agus seisiún chun tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn tríú leibhéal i measc na himeachtaí á reáchtáil ar an lá.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cuid lárnach d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge é Gradam an Uachtaráin a bhronnadh ar dhuine a bhfuil éachtaí móra bainte amach acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is mór an onóir dúinn Gradam na bliana seo a bhronnadh ar Sheán Ó Sé. Tá a shaol caite ag Ó Sé, atá 85 bliain d’aois, ag obair ar son na Gaeilge agus na n-ealaíon. Tá clú agus cáil air as an méid atá bainte amach aige thar na blianta fada lena chuid amhránaíochta, ach go háirithe. Is mór an meas atá tarraingthe aige ar ár gcultúr dúchais agus ar an nGaeilge. Gura fada buan é.” 

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Is deis bhliantúil atá in Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge don phobal, baill na heagraíochta agus craobhacha, clár oibre Chonradh na Gaeilge don bhliain atá amach romhainn a phlé agus a aontú. I mbliana beidh iomlán na hArd-Fheise á eagrú ar líne agus beidh deis ag an phobal trí chéile imeachtaí iomlána a leanúint ar líne ar Facebook nó ar YouTube. Cé go mbeidh an Ard-Fheis ar líne, táimid an-sásta go mbeidh ionchur againn ó na polaiteoirí fós le hoscailt na hArd-Fheise ag Catherine Martin TD, Aire na Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus le teachtaireachtai eile ó pholaiteoirí thuaidh theas le linn na himeachta. 

Tá muid ag súil sa chéad tréimhse eile go mbeidh reachtaíocht úr againn ó dheas agus ó thuaidh, agus tá ceisteanna móra maoinithe agus polasaithe ann don nGaeltacht a bheas lárnach i gclár Ard-Fheis na bliana seo. Tá muid ag súil go mór leis an díospóireacht, leis an gcur agus leis an gcúiteamh agus leis na dúshláin úire atá i ndiaidh theacht chun cinn a cheistiú agus a chíoradh de réir mar a bheartaíonn muid an bealach is fearr chun tosaigh san am atá le teacht.” 

Is féidir freastal ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go fíorúil don chéad uair riamh. Beidh fáil ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar líne trí Zoom agus beidh sé ar craoladh beo ar Facebook agus YouTube an Chonartha. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag cnag.ie/afcnag21 nó bheith páirteach sna himeachtaí ar Twitter trí #afcnag

An Ard-Fheis:

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.