Skip to main content

Deis Deiridh An Ghaeltacht A Shlánú" Á Brú Tríd an Dáil

Tá an-díomá ar Chonradh na Gaeilge agus ar Ghuth na Gaeltachta go bhfuil gach cuma ar an scéal go mbeidh An Bille Gaeltachta 2012, an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le trí scór bliain anuas, á bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh.

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Guth na Gaeltachta: "Thug an tAire Gaeltachta Dinny McGinley féin le fios sa Seanad le déanaí go mb'fhéidir gurb í an reachtaíocht seo an deis deiridh a bheidh againn chun an Ghaeltacht a shlánú agus más fíor sin, creideann Guth na Gaeltachta gur mór an náire í nach bhfuil a dhóthain ama á tabhairt le plé mar is cóir a dhéanamh ar an mBille Gaeltachta.

"Agus muid ag fanacht 55 bliain le Bille Gaeltachta chun tacú leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht, ní dhéanann sé aon chiall dúinn nach mbeadh an Rialtas sásta fiú fanacht cúpla mí eile leis an reachtaíocht ríthábhachtach, thromchúiseach seo a reachtú."

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ba léir ó líon na leasuithe a moladh i dtaobh na reachtaíochta ag Céim an tSeanaid go raibh an chéad dréacht den Bhille Gaeltachta lochtach ar go leor bealaí, agus tá sé scannalach nach mbeidh deis ag na bpolaiteoirí - ná ag an bpobal - plé mar is cóir a dhéanamh air sula mbrúitear tríd an Dáil é.

"Beidh iarmhairtí forleathana, fadtéarmacha ag an mBille Gaeltachta 2012 ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus creideann Conradh na Gaeilge go láidir nár chóir a leithéid a chur ar chlár oibre na Dála ar laethanta deiridh an téarma nuair atá fios maith ag an saol agus ag a mháthair nach ndéanfar plé mar is cóir ar na leasuithe is gá a dhéanamh air sular reachtaítear é."

Is é An Bille Gaeltachta 2012 an chéad phíosa reachtaíochta atá ag plé go sonrach leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht ó bhí An Bille um Thionscail na Gaeltachta ann i 1957; críochnóidh plé sa Seanad ar an mBille Gaeltachta 2012 Dé Céadaoin bheag seo (11 Iúil 2012) agus tiocfaidh Céim 2 den Bhille os comhair na Dála Déardaoin (12 Iúil 2012) sula gcuirtear críoch le Céim an Choiste (Céim 3 - 5) sa Dáil ar an Déardaoin, 19 Iúil 2012 - lá deiridh an téarma i dTithe an Oireachais, rud a chiallaíonn go mbeidh méid mór reachtaíochta eile le plé agus le cur tríd na Tithe ar na laethanta céanna.

Creideann Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta gur chóir fanacht leis an mBille Gaeltachta 2012 a reachtú ag tús an téarma nua nuair a fhilleann an Dáil i Meán Fómhair 2012 seachas an reachtaíocht ríthábhachtach seo a bhrú tríd an Oireachtas roimh bhriseadh an téarma seo. Ar an dóigh seo, bheadh deis ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge An Bille Gaeltachta 2012 a phlé mar is cóir lena chinntiú go dtacóidh sé leis an nGaeilge trí phróiseas reachtúil pleanála teanga ceart, agus é seo luaite go sonrach mar cheann de chuspóirí an Bhille.

Tá sé mar chuspóir ag an mBille Gaeltachta 2012 foráil a dhéanamh maidir le leasuithe ar bhord agus ar fheidhmeanna Údarás na Gaeltachta freisin; is gá toghcháin an Údaráis a reáchtáil ní bá dhéanaí ná 30 Meán Fómhair 2012 de réir na reachtaíochta reatha, ach ní leithscéal é an méid sin leis an mBille Gaeltachta 2012 a reachtú gan plé mar is cóir i measc an phobail ó níl le déanamh ach síneadh ama a thabhairt do na toghcháin, faoi mar a rinneadh faoin mBille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010:

  • Alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag éileamh ar an Aire Gaeltachta Dinny McGinley TD tréimhse chomhairliúcháin agus phlé mar is cóir a thabhairt don Bhille Gaeltachta 2012 agus gan é a bhrúigh tríd an Dáil roimh bhriseadh an téarma, ach fanacht go dtí go bhfilleann an Dáil san fhómhar.

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Dónall Ó Cnáimhsí,
Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 2491101

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.