Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht ag teastáil anois agus idir an dá linn tá tacaíocht ar fáil ón gConradh do phobal na Gaeltachta leis an gcóras pleanála

Agus an obair stocaireachta ar siúl i dtreo Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Títhíochta sa Ghaeltacht d’fhógair Conradh na Gaeilge inniu go bhfuil an eagraíocht, faoi stiúr Meitheal Gaeltachta an Chonartha, lán-toilteanach tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine aonair agus pobail Ghaeltachta atá faoi bhrú de bharr fadhbanna leis an gcóras pleanála.

Léiríonn an titim i líon na gcainteoirí laethúil sa Ghaeltacht, na fadhbanna atá ag daoine óga Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantair dhúchais agus an ró-fhorbairt tógála atá ag brú ar roinnt ceantair Ghaeltachta an gá le haghaidh gníomh dearfach eisceachtúil a ghlacadh chun an Ghaeltacht a chosaint.

Deir Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge: “Óna hoileán Ghaeltachta, óna ceantair Ghaeltachta is iargúlta agus óna ceantair Ghaeltachta atá i mbaol ó ró-fhorbairt tithíochta, tá an scéal céanna ag teacht chun cinn, nach bhfuil an Ghaeltacht á chosaint ag an gcóras pleanála reatha. Tá Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht dréachta ag Conradh na Gaeilge ar an mbunús go bhfuil sé de cheart ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina gceantair dhúchais.

Is ábhar buartha dúinn ach go háirithe go bhfuil daoine óga ag bogadh amach as an nGaeltacht agus go bhfuil glúin daoine óga ann anois nach bhfuil ar a gcumas suíomh nó teach a cheannach ina gceantar féin.

Is ábhar buartha é freisin go bhféadfaí an Ghaeilge mar theanga phobail a scrios trí eastáit tithíochta a thógáil agus líon mór daoine gan Ghaeilge teacht chun cónaí i bpobail gurb í an Ghaeilge a theanga labhartha. Lagaítear an Ghaeilge sa phobal, sa chóras oideachais, in imeachtaí pobail agus mar ghnáth-theanga labhartha nuair a tharlaíonn sé sin.

Ach gan polasaí náisiúnta leanfar lena fadhbanna seo agus cuirfear le scrios na Gaeltachta.”

Ag trácht ar an bPolasaí Nua deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta: “Níl an córas pleanála reatha ag feidhmiú i mbealach a dhéanann an Ghaeltacht a chosaint nó a chinntíonn gur féidir le pobal na Gaeltachta  maireachtáil ina gceantar féin. Léiríonn na deacrachtaí pleanála atá tagtha ar aghaidh sna ceantair Ghaeltachta éagsúla gur gá athrú a dhéanamh. Léiríonn na cásanna seo freisin nach bhfuil polasaí cinnte á fheidhmiú ag aon leibhéal, ón Rialtas Áitiúil go dtí an Bord Pleanála. Nó chóir go mbeadh ar dhaoine aonair nó pobail Ghaeltachta dua a chur orthu féin chun bunchearta a bhaint amach.

Le go mbeidh rath ar an bpleanáil tithíochta sa Ghaeltacht caithfidh sé a bheith fréamhaithe sa dlí agus bunaithe ar threoir ón Aire faoi Acht um Pleanáil agus Forbairt 2018. Tá na treoirlínte ón Aire faoi alt 28 den Acht maidir le pleanáil sa Ghaeltacht an-láídir agus cuimsíonn siad an-chuid de na gnéithe atá ag teastáil chun pleanáil chóir a chur ar fáil don phobal. Ach is í an fhírinne lom nó nach bhfuil siad á gcur i bhfeidhm sna pleananna forbartha. Ní thiocfaidh athrú ar seo gan Polasaí Náisiúnta.

Agus an obair stocaireachta ar siúl i dtreo Polasaí Náisiúnta don Phleanáil Títhíochta sa Ghaeltacht leanfaidh Conradh na Gaeilge ag cur tacaíochta ar fáil do dhaoine aonair agus pobail Ghaeltachta atá faoi bhrú de bharr fadhbanna leis an gcóras pleanála. Beidh an eagraíocht sásta tacú le pobal ar bith a bhfuil an tacaíocht sin uathu agus iad ag plé leis an gcóras pleanála. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Tá Conradh na Gaeilge i mbun stocaireachta anois leis an Rialtas agus lena páirtithe ar fad chun tacaíocht a lorg don pholasaí nua. Le déanaí bhí cruinniú ag an gConradh le Darragh O Brien, TD, An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun na moltaí a phlé agus tá súil ag an eagraíocht cruinniú eile a bheith acu leis an Aire amach anseo.

Críoch

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-ArdRúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 87 6338931 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge