Skip to main content

Gaeilge24 INNIU: An bhféadfá í a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig?

Tá clár imeachtaí spraíúil curtha le chéile dírithe isteach ar an bhfolláine

Beidh 15,000 dalta i 150 scoil sna 29 chontae - chomh maith le grúpaí thar sáile - ag glacadh páirte i ndúshlán Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge inniu, an Mháirt 10 Samhain 2020.  Spreagann Gaeilge24 daoine óga le tabhairt faoin nGaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig i ngach réimse dá saolta.

De bharr srianta Covid-19 beidh go leor imeachtaí á reáchtáil ag Foireann Chonradh na Gaeilge ar líne i mbliana gur féidir páirt a ghlacadh iontu - seisiún HIIT, rang ióga, machnaimh agus tráth na gceist ollmhór le cuidiú libhse an dúshlán a bhaint amach. Freisin, tá go leor imeachtaí gur féidir a dhéanamh agus scaradh sóisialta fós i bhfeidhm, agus neart acu molta ag Foireann Gaeilge24 ar na meáin shóisialta - scannáin as Gaeilge a thaispeáint, amhráin Ghaeilge a chumadh nó a aistriú agus go leor eile.

Tá Yu Ming ag tacú leis an bhfeachtas i mbliana agus é ag súil le labhairt as Gaeilge don lá freisin théis dó clú agus cáil a bhaint amach i ‘Yu Ming Is Ainm Dom’ roinnt blianta ó shin.

Iarrfar ar dhaltaí Gaeilge a labhairt ní hamháin ar scoil agus lena múinteoirí, ach sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla agus le cairde.

“Cuidíonn dúshlán Gaeilge24 le hintinn na ndaoine óga a oscailt don teanga ar bhealach spraíúil, ábhartha agus tugann sé eispéireas dearfach dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin. Tuigeann muid go mbeidh go leor imeachtaí, turais agus eachtraí ar ceal i mbliana de dheasca COVID-19 agus mar sin tá muid áthasach go bhfuil Gaeilge24 ar ais do na daoine óga agus go bhfuil béim ar an bhfolláine.” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Ag tagairt dá thaithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha Chonradh na Gaeilge:

‘Tá na mílte pacáistí tacaíochta seolta againn ag scoileanna thuaidh agus theas le cúpla lá anuas, agus táimidne i gConradh na Gaeilge ar bís chun an Ghaeilge a chloisteáil in úsáid ag breis ‘s 15,000 scoláire ar fud an oileáin ar aon lá amháin inniu! Is í seo an t-ochtú bhliain den fheachtas uathúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí. I mbliana, tá Gaeilge24 ag díriú isteach ar an bhfolláine. Tá an-tábhacht ag baint le haire a thabhairt duit féin, go háirithe do dhaoine óga, ó chleachtadh chorp go haireachas, chun a bheith ar bharr do shláinte.’

Bíonn deis ag pobal na Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar Twitter agus ar Instagram.

TUILLEADH EOLAIS

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide 

+353 (0)87 633 8931 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

  

AR FÁIL LE hAGHAIDH AGALLAIMH:

Aodhán Ó Deá

Stiúrthóir Forbartha/Leas-Ardrúnaí - Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 310 2691 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.