‘Grúpaí Pobail faoin Scéim Phobal Gaeilge (SPG) ag éileamh ar Fhoras na Gaeilge an rud ceart agus cóir a dhéanamh maidir le maoiniú na chéad scéime eile’

Anois go bhfuil buiséad níos mó le bheith ag Foras na Gaeilge i 2021, mar thoradh ar bhrústocaireacht na ngrúpaí den SPG agus eile ar pholaiteoirí na tíre, is gá infheistiú sa chéad scéim eile i 2021 agus buiséad sásúil, gan choinníollacha a laghdódh an buiséad sin, a chur ar fáil.

Tá gach scéim den Scéim Phobal Gaeilge, sin 22 scéim lonnaithe ar fud an oileáin, agus a mhaoiníonn Foras na Gaeilge ag éileamh ar an bhForas cothrom na féinne a thabhairt agus an chéad scéim eile, atá le tosú i 2021, a mhaoiniú i gceart agus gan aon choinníollacha a chur i bhfeidhm a laghdódh an buiséad sin d’aon ghrúpa a éiríonn leo maoiniú a bhaint amach sa scéim nua. 

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Beidh buiséad níos mó ag Foras na Gaeilge i 2021 de thoradh ar bhrústocaireacht déanta ag baill de na grúpaí den Scéim Phobal na Gaeilge ar fud an oileáin agus anois tá sé ceart agus cóir go gcuirfear maoiniú sásúil ar fáil don chéad Scéim Phobal Gaeilge eile a thosóidh i mí Iúil 2021. Tá tacaíocht leathan don éileamh seo i measc na bpáirtithe polaitiúla. Tá tacaíocht fhorleathan sa phobal don mhaoiniú breise seo mar a léiríodh i dtromlach na n-aighneachtaí sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí ar an Scéim Phobal Gaeilge. Ba chóir go mbeadh ar a laghad €55,000 an ghrúpa curtha ar fáil chun go mbeidh na grúpaí in ann dul ar ais go fostaíocht 5 lá sa tseachtain in ionad 4 lá sa tseachtain, mar a bhí orthu a chur i bhfeidhm nuair a rinneadh ciorrú ar an scéim reatha i 2016. Seo ceann de na ciorruithe is suaracha a cuireadh i bhfeidhm ar obair na Gaeilge sa phobal riamh agus is gá é a aisiompú anois.”

Deir Brian Ó Gaibhín, Cathaoirleach, Comhchoiste Náisiúnta na Líonraí Gaeilge:

“Mar chuid de chur chuige nua na Rialtas thuaidh agus theas tá Líonraí Gaeilge agus Bailte Seirbhíse Gaeltachta le bunú go luath agus pleananna oibre sonracha curtha le chéile acu, atá seachtrach agus éagsúil ó obair reatha na scéimeanna pobail Gaeilge. Ba mhaith linn deimhniú a fháil ó Fhoras na Gaeilge, mar sin, nach n-ísleofaí aon bhuiséad d’aon ghrúpa le SPG i gceantar le Líonra Gaeilge nó Baile Seirbhíse Gaeltachta agus obair an SPG sin a chur i mbaol. Ní mór aon choinníoll nó bac a chuireann i gcoinne bhun-phrionsabail na pleanála teanga a chealú láithreach. Tá buiséad níos mó le bheith ag Foras na Gaeilge agus is féidir leo an chinnteacht sin a thabhairt do na grúpaí le SPG anois má dhéanann siad tosaíocht den obair ríthábhachtach sa phobal a bhíonn ar siúl ag an grúpaí seo.”

Tá sé tábhachtach a chur san áireamh go mbíodh am ann go mbíodh grúpaí le SPG ag fáil thart ar €80,000 sa bhliain agus gur éileamh an-réasúnta é €55,000 an ghrúpa a lorg sa chéad scéim eile. Chomh maith leis sin, tá an t-éileamh seo ag teacht le formhór mór na freagraí a cuireadh isteach sa chomhairliúchán a d’eagraigh Foras na Gaeilge maidir leis an gceist seo níos luaithe sa bhliain.

NÓTA DON EAGARTHÓIR MAIDIR LEIS AN SPG:

Cuireann an Scéim Phobail Gaeilge maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí áitiúla chun cur a gcumas Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha a fhostú chun clár gníomhaíochtaí a fheidhmiú go háitiúil. Tá an Scéim Phobail Gaeilge aitheanta mar an gcur chuige is éifeachtaí chun pobail Gaeilge a thógáil agus a neartú agus mar bhealach chun maoiniú poiblí a chur ar fáil don phobal i mbealach a bhaineann luach faoi leith as an infheistíocht phoiblí sin.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge